Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Chonaic mé comhartha eile ar neamh, comhartha mór iontach, seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, arb iad na plánna deireanacha iad, ós leo a ídítear fearg Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontu-san a tugadh fearg Dé chun a críche.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n‑aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:1
21 Tagairtí Cros  

agus a leath‐chos chlé ar an talamh; agus do ghlaodh sé de ghuth árd mar bhéiceas leomhan: agus nuair do ghlaodh, do labhair glórthaí na seacht dtóirneacha.


Atá deireadh leis an dara mairg: féach, atá an treas mairg ag teacht go luath.


ólfaidh sé d’fhíon díbheirge Dé, atá doirtthe gan meascadh i gcupán a fheirge; agus ciapfar é le teinidh agus le ruibh i bhfiadhnaise na naomh‐aingeal, agus i bhfhiadhnaise an Uain:


Agus do chaith an t‐aingeal a chorrán ar an talamh, agus do bhailigh sé caora fíneamhna na talmhan, agus do chaith sé isteach i n‐iomar mór díbheirge Dé iad.


Agus do chualas árd‐ghlór ó’n teampall, g‐á rádh leis na seacht n‐ainglibh, Imthighidh rómhaibh, agus doirtidh amach seacht soithighe dhíbheirge Dé ar an talamh.


Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe aca, agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit breitheamhnas na méirdrighe móire atá suidhte ar uiscibh iomdha.


Agus atá claidheamh géar ar síneadh as a bhéal, chum na cinidheacha do bhualadh leis, agus riaghlóchaidh sé le slait iarainn iad: agus satalóchaidh sé d’á chois iomar fíona dian‐fheirge Dé Uile‐chumhachtaigh.


Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe líonta de na seacht bpláigheannaibh deireannacha aige; agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit an bhean nua‐phósta, bean an Uain.


Agus do dhearcas, agus do chualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á rádh de ghuth árd, Mairg, mairg, mairg, do lucht áitreabha na talmhan, mar gheall ar ghlórthaibh eile na stoc atá le séideadh fós ag na trí h‐ainglibh.


Agus do chonnacas na seacht n‐aingle bhíos ’n‐a seasamh i bhfiadhnaise Dé; agus tugadh seacht stuic dóibh.


Agus na seacht n‐aingle go raibh na seacht stuic aca, d’ullmhuigheadar chum iad do shéideadh.


Agus an chuid eile de na daoinibh do fágádh gan marbhadh leis na pláighibh seo, ní dhearnadar aithrighe i h‐oibreachaibh a lámh, chum nach ndéanfaidís adhradh d’íodhalaibh óir, agus airgid, agus práis, agus cloiche, agus adhmaid: atá gan radharc, gan éisteacht, gan neart siubhail:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí