Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 14:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do chualas glór ó neamh, mar thorann uiscí iomhdha, agus mar fhuaim tóirnighe móire: agus an glór do chualas, do bhí sé mar bhéadh cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseachaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus chuala mé an glór ó neamh a bhí mar thorann na dtonnta móra, agus mar ardtuargaint toirní; agus an glór seo a chuala mé bhí sé mar chláirseoirí ag seinm ar a gcláirseacha,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do chúaluidh mé gúth ó neamh, mar fhuáim iomad uisgeadh, agus mar fhuáim tóirnigh móire: agus do chúaluidh mé fuáim cláirséoradh ag déunamh ceóil ré na gcláirseachuibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuilte lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 14:2
29 Tagairtí Cros  

Dá labhrainn le teangthachaibh daoine agus aingeal, gan grádh bheith agam, ní fhuilim acht mar bhéadh prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneacht.


Do bhíos fá anáil an Spioraid lá an Tighearna, agus do chualas an glór taobh thiar díom, mar bhéadh glór stuic,


agus do bhí a chosa mar bhéadh umha geal‐ruithneach do bruithneadh i bhfoirnéis; agus do bhí a ghlór mar bhéadh torann mór‐uisce.


Agus do chualadar glór mór ó neamh g‐á rádh leo, Gabhaidh aníos annso. Agus do chuadar suas ar neamh san néall; agus do chonnaic a náimhde iad.


Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.


Agus do chonnacas mar bhéadh fairrge ghloine, agus í measctha le teinidh; agus iad‐san tháinig go buadhach ó’n ainmhidhe, agus ó n‐a íomháigh, agus ó uimhir a ainme, ’n‐a seasamh le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseacha Dé aca.


Agus ní cluinfear fuaim cláirseora, ná ceoltóra, ná fliúiteora, ná trompadóra ionnat arís go deoidh; agus ní bhéidh ceárdaidhe de cheird ar bith le fágháil ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear fuaim brón ionnat arís go deoidh;


Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad.


Agus nuair bhris an tUan ceann de na séalaibh, do dhearcas agus do chualas ceann de na h‐ainmhidhthibh g‐á rádh mar bhéadh le fuaim tóirnighe, Tar.


Agus do shéid an chéad aingeal, agus tháinig cloich‐shneachta agus teine, measctha le fuil, ’n‐a dhiaidh, agus do caitheadh iad ar an talamh: agus do dóigheadh an treas cuid de’n talamh, agus do dóigheadh an treas cuid de na crannaibh, agus do dóigheadh an féar glas go h‐uile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí