Apacailipsis (Taispeántadh) 14:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do dhearcas, agus féach, an tUan ’n‐a sheasamh ar chnoc Síoin, agus céad ceathrar agus dá fhichid míle duine ’n‐a fhochair, agus a ainm‐sean agus ainm a Athar scríobhtha ar chláraibh a n‐éadain. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Dʼamharc mé ansin, agus bʼshiúd é an tUan ina sheasamh ar mhullach Shliabh Shióin agus céad daichead is a ceathair de mhílte in éineacht leis a raibh a ainmsean agus ainm a Athar scríofa ar chláir a n-éadan. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus damhairc mé, agus, féuch, Uán na sheasamh ar slíabh Sióin, agus céud ceathrar agus dá fhichid do mhíltibh na fhochair, agá raibh ainm a Athar sgríobhtha a gcláruibh a néudan. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Rinneadh fís dom arís: bʼiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n-éadan. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19811 Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan. Féach an chaibidil |
agus do bhíodar ag canadh amhráin, mar bhéadh amhrán úr‐nua, ós cómhair na righ‐chathaoireach, agus os cómhair na gceithre n‐ainmhidhe, agus os cómhair na seanóir: agus ní raibh ar chumas d’aoinneach an t‐amhrán sin d’fhoghlaim, acht amháin do’n chéad ceathrar, agus dá fhichid míle duine do bhí ceannuighthe as a raibh ar talamh.
Agus do dhearcas, agus féach, capall liathbhán: agus an té do bhí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a chuideachtain. Agus tugadh cumhacht dóibh ar an gceathramhadh cuid de’n talamh, chum bheith ag marbhadh leis an gclaidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, agus le h‐ainmhidhthibh allta na talmhan.