Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 3:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Óir daoine de’n aicme sin is eadh iad‐san shleamhnuigheas isteach i dtighthibh agus árduigheas leo chum daor‐bhroide mná baothánta atá fá ualach peacaidhe, d’á luascadh ag miantaibh de’n uile shaghas,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Is díobh iad siúd a shnámhas isteach i dteaghlaigh agus a dhéanas braighde dʼóinseacha, atá faoi thromualach peacaí, agus a mbíonn tallannacha taodacha á luascadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Oir is don druingse an luchd bhíos ag teultógh a steach a dtighthibh, agus bheireas ríu a mbruid mná simplidhe líonta do pheacadh, noch do threóruighthear ré hainmhíanuibh éugsamhla,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:6
17 Tagairtí Cros  

Tigidh chugam‐sa, sibh uile ar a bhfuil duadh agus trom‐ualach, agus do‐bhéarfad fionnfhuaradh dhaoibh.


Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


Is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrabhaidh! óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada dhaoibh: d’á bhrigh sin is troime‐de an breitheamhnas tiubharfar oraibh.


Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


acht tig cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris, agus an‐dúil i neithibh eile isteach ionnta, agus tachtaid‐sean an briathar, agus ní thugann sé aon toradh uaidh.


Is eol daoibh an tráth ’n‐a rabhabhar ’n‐bhur bpágánachaibh, gur cuireadh sibh amugha ar lorg na h‐íodhal mbalbh, do réir mar treoruigheadh sibh.


Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh.


Acht na daoine gur rún leo bheith saidhbhir, tuiteann siad i gcathú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainmhianta éigciallaidhe, díoghbhálach, bhádhas daoine i n‐aimhleas agus i ndamnú.


go gcaithfear a mbéal do dhúnadh; daoine chuireas teaghlaigh iomlána bun os cionn, ag múineadh neithe nach cóir ar son airgid neamh‐ghlain.


Óir do bhíomar féin dith‐céillidhe tráth, easumhal, ag dul ar fan, fá smacht ag ainmhiantaibh agus ag áineasaibh éagsamhla, ag caitheamh ár saoghail le droch‐rún agus le formad, fuathmhar agus sinn ag tabhairt fuatha d’á chéile.


Óir, ag labhairt do mórdhálach as baoth‐chainnt dóibh, bréagaid le h‐ainmhiantaibh na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalódh ó’n dream atá ag siubhal ar mearbhall:


D’á bhrigh sin, a cháirde, ó’s eol daoibh an méid seo roimh ré, bidhidh ar bhur n‐aire, ar eagla go scuabfaidhe sibh le mearbhall na gcuirptheach, agus go dtuitfeadh sibh ó n‐bhur seasmhacht féin.


Lucht clamhsáin, lucht cannráin is eadh a leithéidí, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta féin (agus focail mhóra, maoidhteacha ’n‐a mbéal aca), ag tabhairt ómóis do dhaoinibh le súil go bhfaighidh siad brabach dóibh féin.


cionnas mar adubhradar libh, Ins an aimsir dheireannaigh béidh lucht magaidh ann, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta neimh‐dhiadha féin.


Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí