Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Is ó Dhia tháinig gach scrioptúir, agus atá sí fóghantach chum teagaisc, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foircheadail i bhfíréantacht:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Tá tinfeadh Dé i ngach aon scríbhinn dhiaga agus fónann sí le dea-theagasc a thabhairt, agus drochtheagasc a bhréagnú, le daoine a chur ar bhealach a leasa agus lena n-oiliúint san fhíréantacht,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:16
43 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda.


Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh.


Adubhradar‐san leis, Mac Dháibhi. Adubhairt seisean leo, Má’s eadh, cionnas ghoireas Dáibhi, tríd an Spiorad, Tighearna dhe, mar a n‐abrann sé,


Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith?


Acht tháinig an méid seo chum críche ionnas go gcóimhlíonfaidhe scrioptúirí na bhfáidh. Annsin do thréig na deisceabhail go léis é, agus do theicheadar.


Adubhairt Íosa leo, Nach é an t‐adhbhar atá ag bhúr gcur amugha, gan eolas do bheith agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé?


Adeir Dáibhi, féin tríd an Spiorad Naomh: Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo láimh dheis, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos.


Má dubhairt sé gur déithe iad‐san, go dtáinig briathar Dé chuca (agus ní féidir an scrioptúir do chur ar neamh‐nidh),


Óir gach duine chleachtas an t‐olc bíonn fuath aige do’n tsolas, agus ní thig sé chum an tsolais, ar eagla go nochtfaidhe a ghníomhartha.


agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.


Do bhí an fear so oilte i slighe an Tighearna; agus ó bhí díoghrais croidhe aige, do labhair agus do mhúin sé go cruinn i dtaobh Íosa, gan ar eolas aige acht baisteadh Eoin:


cionnas nár staonas ó nidh ar bith go raibh tairbhe ann, d’innsin daoibh, ag tabhairt teagaisc daoibh go poiblidhe, agus ó thigh go thigh,


Óir níor staonas ó chómhairle Dé go h‐iomlán do nochtadh dhaoibh.


Agus nuair nár fhéadadar teacht ar aon intinn eadortha féin, d’imthigheadar, tar a éis do Phól focal amháin a rádh leo, Is maith adubhairt an Spiorad Naomh tré bhéal Ésáias fáidh,


Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir.


id’ oide do lucht dith‐céillidhe, id’ mhúinteoir do leanbhaibh, toisc múnla an eolais agus na fírinne bheith agat san dlighe;


A lán mór ar gach slighe: i gcéadóir, gur leo‐san do taobhuigheadh briathra Dé.


Agus ní ar a shon féin amháin do scríobhadh gur h‐áirmheadh sin,


Acht tugtar foillsiú an Spioraid do gach duine chum tairbhe i gcoitchinne.


Agus an scrioptúir, g‐á fheicsin roimh ré go bhfíréanóchadh Dia na Cineadhaigh tré chreideamh, d’fhóghair sé an soiscéal roimh ré d’Abracham, g‐á rádh, Beannóchar ionnat‐sa na náisiúin uile.


lán d’fhoidhne, ag ceartú na ndaoine chuireas ’n‐a aghaidh le ceannsacht, le súil go dtiubhrfaidhe Dhia dhóibh, am ar bith, aithrighe do dhéanamh chum eolas d’fhágháil ar an bhfírinne,


déan an briathar do chraobh‐scaoileadh; bí go díoghrasach i dtráth agus i n‐ántráth; bí ag spreagadh, ag smachtadh, ag gríosadh le gach ceannsacht agus le gach teagasc;


Anois is é is creideamh ann, bheith dearbhtha de na neithibh go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte fá neithibh nach bhfeictear.


Uime sin, mar deir an Spiorad Naomh, Indiu, má chluineann sibh a ghuth,


Óir atá briathar Dé beo, bríoghmhar, níos géire ’ná aon chlaidheamh dhá fhaobhar. Téigheann sé isteach idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduigheann sé smaointe agus meon an chroidhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí