Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 ’Seadh, agus gach duine gur mian leis a shaoghal do chaitheamh go cráibhtheach i nÍosa Críost, fulaingeochaidh sé géirleanmhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Ar ndóigh níl duine dá dtoilíonn beatha dhiaganta a chaitheamh in Íosa Críost nach gcuirtear géarleanúint air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géar-leanúint air mar an gcéanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:12
32 Tagairtí Cros  

Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise.


D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad:


nach bhfaighidh a gcéad oiread san aois seo, tighthe, agus dearbhráithreacha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, mar aon le géir‐leanamhain; agus an bheatha shíorraidhe sa tsaoghal atá le teacht.


Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé.


Adubhairt mé an méid sin libh, chum go mbéadh síothcháin agaibh ionnam‐sa. Ata anró oraibh sa tsaoghal so: acht bíodh meisneach agaibh; atá buaidhte agam‐sa ar an saoghal.


Thugas‐sa dhóibh do bhriathar‐sa; agus thug an saoghal fuath dhóibh, de chionn nach de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


Má’s san tsaoghal so amháin atá dóchas as Críost againn, is sinne na daoine is truaighe ar bith.


Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór.


curtar an tóir orainn, acht ní tréigthear sinn; buailtear síos sinn, acht ní scriostar sinn;


ar son righthe agus ar son na ndaoine atá árd i gcéim; chum go gcaithfimíd saoghal suaimhneasach, síothchánta, i ngach crábhadh agus i ngach cneastacht.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh;


Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh,


g‐á mhúineadh dhúinn neamhdhiadhacht agus ainmhianta saoghalta do sheachaint, agus ár saoghal do chaitheamh go staidéartha, fíréanta, diadha san ré seo atá de láthair;


Acht má fhulaingeann sibh ar son na fíréantachta féin, is aoibhinn daoibh: agus ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san, agus ná bíodh buaidhirt oraibh;


Ó thárla go bhfuil sé i ndán do na neithibh seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba cheart daoibh‐se bheith mar dhaoine do réir deagh‐iomchair agus diadhachta,


Agus do tharraing a earball an treas cuid de réaltanaibh na spéire ’n‐a dhiaidh, agus do theilg sé chum na talmhan iad: agus do sheasuigh an dragún os cómhair na mná do bhí ar tí an leanbh do bhreith, chum go sluigfeadh sé an leanbh chómh luath agus béarfaí é.


Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí