Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Acht do leanais‐se dem’ theagasc, dem’ dheagh‐iomchar, dem’ chuspóir, dem’ chreideamh, de’m fhoighid, dem’ ghrádh, dem’ sheasmhacht, dem’ ghéirleanamhnaibh, dem’ anacraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Anois bhreathnaigh tú mo theagasc, eagar mo bheatha, mo chuspóir, mo chreideamh, mʼfhoighne, mo ghrá, mo bhuanseasmhacht,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 I dtaca leat-sa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagasc-sa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar mʼfhoighne, agus ar mo ghrá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 3:10
27 Tagairtí Cros  

do mheasas féin, tar a éis dom gach uile nidh do bhreathnú go cruinn ó thosach, go mba dhual damh‐sa iad do scríobhadh i n‐eagar duit‐se, a Théofiluis uasail;


agus nuair tháinig seisean, agus nuair do chonnaic sé grása Dé, bhí áthas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoidhfidís le díoghrais croidhe do’n Tighearna:


Agus do leanadar go seasamhach de theagasc na n‐abstal, agus de’n charadas bráthardha, de bhriseadh an aráin, agus de na h‐urnaighthibh.


Agus nuair tháinig siad chuige, adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh féin cionnas mar chaitheas mo shaoghal ’n‐bhúr measc i rith an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar chuireas cos ar thalamh na h‐Áise,


Atá aithne ag na h‐Iúdachaibh ar an saoghal do chaitheas óm’ óige, gur i lár mo chinidh féin ó thosach, agus i nIarúsalem, do chaitheas é.


Anois, a bhráithre, impidhim oraibh bheith ar bhur gcosaint ar an dream do‐ghní siosmaí agus scannail i n‐aghaidh an teagaisc atá foghlamtha agaibh; agus druididh uatha.


Nuair do bhíos ar an intinn sin, an rabhas corrach? nó an chómhairle ar a gcinnim, an do réir na colna chinnim uirthi, ar mhodh go mbeadh an ’seadh agus an ní h‐eadh im’ bhéal agam i n‐éinfheacht.


chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta:


Óir ní fhuil duine agam atá ar aon intinn leisean, fear chuireas dúil ó chroidhe ’n‐bhur leas.


Acht atá a fhios agaibh cionnas chruthuigh sé, gur shaothruigh sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar dhéanfadh mac i n‐éinfheacht le n‐a athair.


óir ní i mbriathraibh béil amháin tháinig ár soiscéal chugaibh, acht i gcumhacht, chómh maith, agus san Spiorad Naomh, agus i lán‐dearbhthacht; mar is eol daoibh cionnas do bhíomar libh mar mhaithe libh féin, agus sinn ’n‐bhur measc.


D’impidheas ort fanamhain i nEiféis, agus mé ag imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, chum fógradh do thabhairt do dhaoinibh áirithe gan athrú teagaisc do mhúineadh,


Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.


Acht, a dhuine le Dia, seachain‐se na neithe sin; agus lean de’n fhíréantacht, de’n diadhacht, de’n ghrádh, de’n fhoidhne, de’n cheannsacht.


Acht seachain ainmhianta na h‐óige, agus lean de’n fhíréantacht, de’n chreideamh, de’n ghrádh, de’n tsíothcháin, i n‐éinfheacht leis na daoinibh ghlaodhas ar an Tighearna as croidhe úr‐ghlan.


déan an briathar do chraobh‐scaoileadh; bí go díoghrasach i dtráth agus i n‐ántráth; bí ag spreagadh, ag smachtadh, ag gríosadh le gach ceannsacht agus le gach teagasc;


Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin:


Do throideas an cómhrac maith, do shroicheas ceann cúrsa, do choimheádas an creideamh;


dod’ thaisbeáint féin ar gach slighe mar shompla i dtaobh deagh‐ghníomhartha; ag tabhairt teagaisc ghlain, chéillidhe, briathar folláin nach féidir locht d’fhágháil air;


Ná bidhidh d’bhur bhfuadach ag teagascaibh éagsamhla, aisteacha; óir is maith go gcothóchaidhe an croidhe le grása, ní le biadhaibh do bhí gan tairbhe ariamh do na daoinibh do ghnáthuigh iad.


Ó thárla go bhfuil sé i ndán do na neithibh seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba cheart daoibh‐se bheith mar dhaoine do réir deagh‐iomchair agus diadhachta,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí