Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Eoin 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus is é is grádh ann, siubhal do réir a aitheanta. Is í seo an aithne, mar chualabhar ó thús, gur dual daoibh siubhal d’á réir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus is é is grá ann, sinne a aitheanta a leanúint, is í sin an aithne, mar a chuala sibh ó thús, go leanfadh sibh den ghrá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a sé so an grádh, eadhon sinn do shiúbhal do réir a aitheantasan. A sé so a náithne, Do réir, mar do chúalabhair ó thosuigh, chum bheith dhíbh ag siúbhal innte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus is é seo an grá–go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Agus is é seo an grá - go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:6
14 Tagairtí Cros  

Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta.


An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Má tá grádh ag duine dhom, choimhéadfaidh sé mo bhriathar: agus béidh grádh ag an Athair dhó, agus tiocfaimíd chuige, agus déanfaimíd cómhnaidhe ’n‐a fhochair.


Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh.


Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh.


Maidir libh‐se, an teagasc do chualabhar ó thús, cómhnuigheadh sé ionnaibh. Má chómhnuigheann an nidh do chualabhar ó thús ionnaibh, béidh sibh ’n‐bhur gcómhnaidhe san Mac agus san Athair mar an gcéadna.


Acht an té choimheádas a bhriathar, is ann atá grádh Dé críochnuighthe. Is air so aithnighmíd go bhfuilmíd ann:


A cháirde ionmhaine, ní h‐aon aithne nua atá agam d’á scríobhadh chugaibh, acht sean‐aithne do bhí ó thús agaibh. Is í an tsean‐aithne an briathar do chualabhar.


agus má tá a fhios againn go n‐éisteann sé le cibé nidh iarraimíd air, annsin atá a fhios againn go bhfuil na neithe d’iarramar air againn.


Óir is é seo grádh Dé, sinne do choimheád a aitheanta: agus ní fhuil a aitheanta trom.


Agus impidhim ort anois, a bhaintighearna, ní mar bhéinn ag scríobhadh aithne nuaidhe chugat, acht an aithne do bhí ó thús againn, grádh do thabhairt d’á chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí