Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Eoin 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Is mór a lán do bhéadh agam le scríobhadh chugaibh, acht níorbh áil liom é do scríobhadh le páipéar agus le dubhach; acht atá súil agam teacht chugaibh agus labhairt libh béal le béal, chum go mbéidh gáirdeachas go h‐iomlán agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Siúd is go bhfuil mórán le scríobh agam daoibh, ní mian liom a bhreacadh ar phár le dúch, ach táim ag dúil le teacht a amharc ar bhur ngnúis, agus comhrá a bheith eadrainn, go dtí go mbeidh ár lúcháir lán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Bíodh go raibh mórán do neithibh agum ré a sgríobhadh chuguibh, níor bháil leam sgríobhad ré papéur agus ré dubh: achd atá súil agum ré theachd chuguibh, agus ré labhairt ribh béul ar bhéul, chum ar ngáirdeachais do bheith iomlan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, bʼfhearr liom gan a chur ar pár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, b'fhearr liom gan a chur ar phár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:12
15 Tagairtí Cros  

Do labhras na neithe sin libh, d’fhonn go mbéadh mo gháirdeachas ionnaibh, agus go mbéadh bhúr ngáirdeachas iomlán.


Is iomdha nidh eile atá agam le rádh libh fós, acht ní fhuil ar chumas daoibh a fhulang anois. Acht cheana,


Go dtí seo níor iarrabhar éinnidh im’ ainm‐se: iarraidh, agus do‐gheobhaidh sibh, ionnas go mbéidh bhúr n‐áthas iomlán.


Acht atáim ag teacht chugat anois; agus atáim ag labhairt ar an gcuma so san tsaoghal, chum go mbéadh m’áthas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin.


An té ag a bhfuil an bhainchéile is é an fear nua‐phósta é: acht cara an fhir nua‐phósta atá ’n‐a sheasamh ag éisteacht leis, bíonn an‐áthas air mar gheall ar ghuth an fhir nua‐phósta: d’á bhrigh sin, an t‐áthas atá orm‐sa atá sé iomlán.


nuair bhéidhead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go bhfeicfead ar an mbealach dom sibh, agus go seolfaidh sibh ar aghaidh mé, tar a éis dom mo shásamh le tamall ’n‐bhur gcuideachtain) —


ag tnúth let’ fheicsin, ag athchuimhneamh ar do dheoraibh: chum go líonfar mé de gháirdeachas;


Acht, ar an am céadna ullmhuigh lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraibh de bhárr bhur n‐urnaighthe.


Agus is móide impidhim oraibh é seo do dhéanamh, gur luaithe‐de gheobhas sibh ar ais mé ’n‐bhur measc.


Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh saor ár mbráthair Timóteus; má thagann sé go luath, chifead mar aon leisean sibh.


agus atáimíd ag seríobhadh na neithe seo chum go mbéidh lán‐gháirdeachas againn.


D’á bhrigh sin, má thagaim, cuirfead i gcuimhin dó na gníomhartha atá d’á ndéanamh aige, ag labhairt ’n‐bhur n‐aghaidh as cainnt mhailísigh: agus ní n‐é amháin sin é, acht ní ghlacann sé féin na bráithre chuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a dhéanamh, agus caitheann sé as an eaglais amach iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí