Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 4:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 tré bhéalchrábhadh luchta na mbréag, go bhfuil a gcoinsias loiscthe mar bhéadh le h‐iarann dearg;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 trí fhimínteacht bréagairi a bhfuil a gcoinsias seargtha scallta,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Tre chlúainecreachd luchd labhartha na breéige; mar mbeith dá ccoinnsíasuibh ar na losgadh ré híarann dearg;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Meallfar iad le cur i gcéill luchta éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandáilte leis an iarann dearg.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 4:2
18 Tagairtí Cros  

Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.


Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh.


agus éireochaidh daoine dhíbh féin, labharfas as saobhchainnt, d’fhonn na deisceabail do tharraing ’n‐a ndiaidh.


Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh;


Óir ní do’n Tighearna Críost atá a leithéidí ag déanamh seirbhíse, acht d’á mbolg féin; agus tá siad ag mealladh croidheacha na ndaoine simplidhe le blastacht cainnte agus le bladaireacht.


chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta:


ar mbeith dhóibh gan mothú, thugadar iad féin do dhroch‐nósaibh, chum gach neamh‐ghlaine do chleachtadh le sainnt.


cuma na cráibhtheachta ortha, acht go bhfuil diúlta aca d’á brigh; fan amach ó n‐a leithéidibh sin.


óir is spioraidí deamhan iad, ag oibriú míorbhailtí, théigheas amach chum righthe an domhain uile, chum iad do chruinniú le chéile fá chómhair cogaidh lae mhóir Dé Uile‐chumhachtaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí