Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 5:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 gan bheith ag déanamh máighistreachta ar a bhfuil fá bhur gcúram, acht bheith ag tabhairt eisiompláire do’n tréad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 gan an tréad a chur faoi bhur gcosa, ach ag tabhairt dea-eiseamláir dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ní mar do bhíadh sibh bhur Dtíghearnaidhibh ós cionn eagluise Dé achd mar dhruing atá na neisiompláire don tréud.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 5:3
26 Tagairtí Cros  

Óir atá eisiompláir tabhartha agam daoibh, go ndéanfadh sibh‐se fá mar tá déanta agam‐sa dhaoibh.


Tabhraidh aire dhaoibh féin, agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spiorad Naomh ’n‐bhúr n‐easbogaibh sibh, leis an eaglais do cheannuigh sé le n‐a fhuil féin, do chothú.


Acht cheana, san Tighearna, ní bhíonn fear i n‐éagmais na mná, ná an bhean i n‐éagmais an fhir.


Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirbhísigh tré n‐ar chreideabhar; gach duine aca do réir mar thug Dia dhó é.


Óir is chómhoibridhthe le Dia sinn: is fearann Dé sibh‐se, foirgneamh Dé.


Ní h‐é go ndéanaimíd máighistreacht ar bhur gcreideamh, acht go bhfuilmíd ag cur le n‐bhur n‐áthas; óir is tré chreideamh sheasas sibh.


Óir ní sinn féin fhógraimíd, acht Íosa Críost mar Thighearna, agus sinn féin mar sheirbhísigh dhaoibh ar son Íosa.


A bhráithre, déanaidh‐se aithris orm‐sa i n‐éinfheacht le chéile, agus coimheádaidh súil ortha‐san leanas do réir an tsompla do‐bheirimíd daoibh.


Na neithe d’fhoghlaim sibh, agus do chuala sibh, agus do chonnaic sibh bheith ionnam‐sa, cleachtuighidh‐se na neithe sin: agus béidh Dia na síothchána libh.


ionnas go rabhabhar ’n‐bhur n‐eisiompláir do lucht an chreidimh san Maiceadóin agus i nAcháia.


Ní h‐é nárbh é ár gceart é, acht chum sompla do thabhairt daoibh, chum go ndéanfadh sibh aithris orainn.


Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do dhéanamh det’ óige; acht bí id’ eisiompláir do lucht an chreidimh, i mbriathraibh béil, i mbéasaibh, i ngrádh, i gcreideamh, i bhfíor‐ghlaine.


dod’ thaisbeáint féin ar gach slighe mar shompla i dtaobh deagh‐ghníomhartha; ag tabhairt teagaisc ghlain, chéillidhe, briathar folláin nach féidir locht d’fhágháil air;


Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí