Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 3:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 D’fhéach Peadar air, ámhthach, mar aon le h-Eóin, agus dubhairt sé leis: Féach orainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus dhírigh Peadar a shúil air, é féin agus Eoin, agus dúirt sé leis, “Amharc orainn.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Ag dearcadh do Pheadar i n-aoinfheacht le h-Eoin air, dubhairt sé: Amharc orainn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Do dhearc Peadar go géar air, mar aon le h‐Eoin, agus adubhairt sé, Féach orainne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar bhféuchain go géur do Pheadar air, maille lé Heóin, a dubhairtsé, Féuch oruinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 3:4
11 Tagairtí Cros  

Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.


Dubhairt Íosa léi: Ná dubhart leat má chreideann tú go bhfeicfir glóire Dé?


Nuair a chonaic Íosa an duine sin ’n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánó-faí thu?


Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.


Agus d’fhéachas isteach inti ’ghá bhreithniú agus chonnac ainimhighthe cheithre gcos an domhain agus beithidhigh agus piastaí agus éanlaithe an aéir.


Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth.


Agus bhí greim aige ’á chimeád ar Pheadar agus ar Eóin, agus chonnaic na daoine é agus bhailighdar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Shalomón, agus uathbhás ortha.


Agus do chonnaic Peadar iad agus d’fhreagair sé an pobhul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith agus dá mba le n-ár neart féin nú le n-ár gcómhacht féin a chuirfimís an duine seo ag siubhal?


Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad chun dul isteach agus d’iarr sé ortha déirc a thabhairt dó.


D’fhéach seisean ortha ag súil go bhfaghadh se rud éigin uatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí