Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 28:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ach mheasadar go dtusnóchadh sé ar at agus go dtuitfeadh sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach nuair a chonnacadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air d’atharuíghdar a n-aigne agus dubhradar gur dhia éigin é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Bhí siadsan ag fanacht, agus súil acu go mbeadh sé ag at, nó go dtitfeadh sé maol marbh; ach nuair a dʼfhan siad ar feadh i bhfad gan aon chaill a fheiceáil air, dʼathraigh siad a n‑intinn, agus dúirt siad go mba dhia é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht shíl siad-san go n-atfadh sé, agus go dtuitfeadh sé marbh go tobann. Acht ar fhanacht tamall fada dóibh ag dréim le sin, nuair a chonnaic siad nár thárla dochar ar bith dó, tháinic a mhalairt de dhearcadh chuca, agus dubhairt siad gur dia a bhí ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Acht do mheasadar go n‐atfadh sé, nó go dtuitfeadh sé marbh ar an láthair: acht tar a éis dhóibh bheith i bhfad ag feitheamh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teacht dó, tháinig athrú intinne ortha, agus adubhradar gur dhia é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Gidheadh do bhí súil acasan ré hát dó, nó ré na thuitim síos marbh go hobann: achd ar mbéith dhóibh a bhfád ag fuireadh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar gur día é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh a bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dhia a bhí ann.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 28:6
6 Tagairtí Cros  

Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.


Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost?


Agus deireadh na daoine, ’ghá mholadh: Ni guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin.


Sa n-áit sin iseadh bhí talamh an fhir a bhí n-a cheann ar an oileán. Publius ab ainim dó. Do ghlac sé sinn agus chuir sé cóir orainn go fial ar feadh trí lá.


Agus thugadh na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór-chómhacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí