Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 28:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan bhí Pól tar éir rainnt adhmaid chrín do bhailiú agus do chur ar an dteine, agus do léim athair nimhe, ag teithe ó’n dteas, agus do rug sí ar láimh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Bhi Pól tar éis cual connaidh a chruinniú agus a chaitheamh ar an tine, nuair a tháinig nathair nimhe amach ag teitheadh ó theas na tine a fuair greim leathláimhe air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus nuair a chruinnigh Pól bachlann spreasán agus leag sé ar an teinidh iad, tháinic nathair nimhe amach as an teas, agus léim sí ar a láimh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Acht nuair do bhailigh Pól roinnt brosna, agus chuir sé ar an teinidh iad, tháinig nathair nimhe amach, ag teitheadh ó’n teas, agus fuair sí greim ar láimh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar gcruinniughadh mhoráin spriosan do Phól, agus ar na gcur dhó ar an dteine, táinic aithir nimhe amach as an teas, agus do léim sé ar a láimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhailigh Pól gabháil bhrosna agus nuair a chaith sé sa tine í léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 28:3
13 Tagairtí Cros  

A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal.


A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn?


Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?


Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith.


Do lasadar teine agus chuireadar compórd orainn, mar bhí fearthainn ag teacht agus bhí fuacht ann.


Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n-a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtháinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar bheó ó’n ndíoltas é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí