Gníomhartha 28:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)2 Do lasadar teine agus chuireadar compórd orainn, mar bhí fearthainn ag teacht agus bhí fuacht ann. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)2 Agus bhí muintir an oileáin ríchineálta linn, mar dʼfhadaigh siad tine agus dʼfhear siad fáilte romhainn uile go léir, mar bhí sé ag tosú ar chur báistí, agus bhí bearradh fuar air. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara2 Óir, ag fadughadh teineadh dóibh, chuir siad beodhadh ionainn uilig, mar gheall ar an fhearthainn a bhí ag tuitim agus ar an fhuacht. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Agus do bhí an lucht áitreabhtha an‐chineálta linn: óir d’fhaduigheadar teine, agus do ghlacadar chuca sinn uile, mar gheall ar an mbáistigh do bhí ann, agus mar gheall ar an bhfuacht. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Agus níor bheag an dáonnachd do rínneadar na dáoine barbartha oruinn: oír ar bhfadógh teineadh dhoibh, do ghabhadar sinn uíle chuca, ar son an cheatha do bhi ag teachd, agus air son an fhúachda. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; dʼfháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. Féach an chaibidil |