Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 28:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus ansan nuair a bhíomair tar éis dul slán fuaramair amach gur Melita a tugtí ar an oileán. Do ghlac na daoine iasachta san go ceannsa sinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Nuair a thángamar i dtír ansin, chualamar gur Málta an t-ainm a bhi ar an oileán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus nuair a tháiniceamar slán, bhí a fhios againn annsin gur Melita ab ainm do’n oileán. Agus níor bheag an cinéaltas a thais-beán na barbair dúinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do bhíomar slán, sábháilte, do bhí a fhios againn gur Melité do b’ainm do’n oileán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar dteachd dóibh slán, dó aithneadar ann sin gur Melita do bainm don oilén.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é ‘Málta’ ainm an oileáin.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 28:1
6 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhí an t-oileán go léir siúbhalta acu chómh fada le Paphos, fuaradar draoi áirithe, fáidh fallsa, Iúdach gur bh’ainim dó Bar-Iésus.


Agus nuair a chonnaic sé an aisling do cheapamair láithreach dul go Macedonia mar bhíomair deimhnightheach go raibh glaoidhte ag Dia orainn chun craobhsgaoile dhéanamh dóibh.


Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Phól agus na príosúnaigh eile thabhairt ar láim do thaoiseach céad dár bh’ainim Iúlius, de bhuídhin Augustuis,


Ach ní foláir dúinn dul isteach ar oileán áirithe.


Ansan, nuair a bhí sé ’n-a lá, níos aithnighdar an tír, ach thugadar fé ndeara bhléin ’na raibh tráigh inti agus cheapadar, d’á mb’ fhéidir é, go sádhfaidís an long isteach inti.


Agus do rugadh an chuid eile amach, cuid acu ar chlárachaibh agus cuid acu ar neithibh a bhain leis an luing. Agus mar sin do thárla go ndeaghaidh ghach duine acu beó amach ar an dtalamh tirim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí