Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 27:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feach mórán laethanta teacht ach ar aghaibh Chniduis, mar bhí an ghaoth ’ghár gcosg, agus sheólamair i gcómhgar do Chréta, lámh lé Salmóné.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Chuamar go malltriallach ansin ar feadh tamaill de laethanta, agus chuir sé crua orainn béal Chnídas a bhaint amach, agus ó nár fhéadamar treabhadh ar aghaidh in éadan na gaoithe a bhí ann, chuamar ar thaobh an fhoscaidh den Chréit amach ó Shalmóne.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus nuair a bhíomar ag seoladh go mall ar feadh mórán laethe, agus tháiniceamar ar éigean ós coinne Ghniduis, óir níor leig an ghaoth dúinn, sheolamar taobh le Salmon i n-aice leis an Chréid:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus tar éis loingseoireacht mhall do dhéanamh ar feadh mórán laethe, thángamar ar éigean ar aghaidh Chníduis, agus, ó bhí an ghaoth ’g‐ár gcosc, do sheolamar ar scáth na Créite, láimh le Salmóné;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus ar mbeith dhúinn morán do laethibh ag séoladh go mall, agus ar dteachd dúinn ar éigin as comhair Chníduis, do bhrígh nar leig an gháoth dhúinn, do shéolamar a ngar do Chréta, láimh ré Salmóne;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cniodas a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmónae;

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 27:7
6 Tagairtí Cros  

Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airigheamáir iad ag labhairt i n-ár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iongantacha Dé.


Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia chaitheamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé: A fheara, Is mairg nár glacadh mo chómhairle-se agus gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó’n ndíobháil seo agus ó’n gcailleamhaint seo.


Ansan d’fhágamair an áit sin agus sheólamair ar sgáth Chúpruis mar bhí an ghaoth i n-ár gcoinnibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí