Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 27:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia chaitheamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé: A fheara, Is mairg nár glacadh mo chómhairle-se agus gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó’n ndíobháil seo agus ó’n gcailleamhaint seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Nuair a bhí tamall fada caite acu gan bhia, tháinig Pól chun tosaigh ina measc, agus ar seisean, “A fheara, ba é bhur gceart éisteacht liom, agus gan dul i bhfarraige ón gCréit agus an chruóg agus an caillteanas sin a thabhairt oraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus nuair a bhí troscadh fada déanta, sheasuigh Pól ina measc, agus dubhairt: A fheara, ba chóir díbh go deimhin éisteacht liom-sa, agus gan chur chun fairrge ó’n Chréid, agus gan an dochar agus an chaill seo d’fhagháil dá bhárr.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus ó bhíodar i bhfad gan biadh do chaitheamh, d’éirigh Pól ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus adubhairt, A fheara, ba cheart daoibh éisteacht liom‐sa, gan imtheacht ó’n gCréit, agus an díoghbháil agus an chaill seo do sheachaint.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ar mbeith dhúinn a bhfad gan bíádh, do sheas Pól iona meadhon, agus a dubhairt sé, A fheara, do bhfearr dháoibh aire do thabhairt dhamhsa, agus gan sgáoileadh ó Chrétá, ionnus go seachónadh sibh an docharsa agus an dioghbháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus mʼéirigh Pól ina lár agus dúirt: “Dá mbʼáil libh mo chomhairle-se a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 27:21
8 Tagairtí Cros  

Agus toisg gan an cuan san a bheith oireamhnach go maith chun an gheimhridh a chaitheamh ann do chómhairligh an chuid ba mhó dhíobh imtheacht as agus féachaint an bhféadfaidís dul agus an geimhreadh chaitheamh i bhFoenícé, cuan de chuantaibh Chréta atá ag féachaint siar ó dheas agus siar ó thuaidh.


Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluaiseadar ó Assan agus fan chiumhais trágha Chréta.


Ansan bhíomair mórán laethanta gan grian na réiltín a dh’fheisgint, agus stoirm nár bheag ag bagairt orainn, i dtreó go raibh gach súil le n-ár dteacht slán imighthe.


Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feach mórán laethanta teacht ach ar aghaibh Chniduis, mar bhí an ghaoth ’ghár gcosg, agus sheólamair i gcómhgar do Chréta, lámh lé Salmóné.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí