Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 27:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Do thógadar é agus dheineadar úsáid de chabharthaibh agus chuireadar fúnsaí fé’n luing; agus le h-eagla go dtuitfidís isteach sa bheóghainimh do leagadar na seólta, agus bhíodar ag imtheacht ar an gcuma san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus dʼísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Acht thóg siad suas é, agus ghlac siad gach aon chinéal cabhartha, ag ceangal na luinge thart faoithe, agush ar eagla tuitim san ghainimh shlogthaigh dóibh, leig siad anuas na seolta, agus h-iomhcháradh ar aghaidh mar sin iadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 agus nuair do bhí sé tógtha ar bórd aca, do‐rinneadar úsáid de théadaibh, g‐á gcur fá’n luing: agus ar eagla go gcaithfidhe iad ar bheo‐ghainimh Shurtis, do leagadar na seolta, agus tiomáineadh sinn ar as gcuma sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Noch do thógbhadar súas, agus do fhéuchadar gach uile ghléus cabhartha, ag creasughadh na luinge fáoithe; deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo, agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa tSirtis, lig siad anuas na seolta agus dʼimigh le sruth ar an gcuma sin.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 27:17
5 Tagairtí Cros  

Do comáineadh isteach sinn fé sgháth oileáin dár bh’ainim Cauda, agus is ar éigin fhéadamair an bád do thógaint chúghainn;


Ach ní foláir dúinn dul isteach ar oileán áirithe.


Bhí eagal ortha go raighmís i n-áit gharbh agus chuireadar amach cheithre h-ancairí ó’n stiúir, agus b’é b’fhada leó go mbeadh sé ’n-a lá.


Ansan do thógadar na h-ancairí agus do sguradar na stiúireana agus d’árduighdar an seól mór chun na gaoithe agus do ghluaiseadar leis an bhfaraige, ach do stiúruighdar í fé dhéin na trágha.


Do thuiteamair isteach i n-áit a bhí idir dhá fharaige agus do buaileadh an longh uim thalamh i dtreó go raibh a tusach daingean agus gur bhris neart na faraige a deire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí