Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 27:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus toisg gan an cuan san a bheith oireamhnach go maith chun an gheimhridh a chaitheamh ann do chómhairligh an chuid ba mhó dhíobh imtheacht as agus féachaint an bhféadfaidís dul agus an geimhreadh chaitheamh i bhFoenícé, cuan de chuantaibh Chréta atá ag féachaint siar ó dheas agus siar ó thuaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mbʼfhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus de bhrígh nár chuid é a bhí fóirstineach le geimhreadh a chaithéamh ann, chómhairligh an chuid ba mhó seoladh as sin, agus dá mb’fhéidir dóibh ar chor ar bith é, dul agus an geimhreadh a chaitheamh i bPeinic, cuan san Chréid a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus de bhrigh nach raibh an cuan oireamhnach leis an ngeimhreadh do chaitheamh ann, ba í an chómhairle ar ar chinn a bhfurmhór, imtheacht as chum fairrge, le súil go bhféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, shíneas siar ó dheas agus siar ó thuaidh, do bhaint amach, agus an geimhreadh do chaitheamh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus ar mbeith don chúan neamhgharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnidh a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidis air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann; cúan do chúantuibh Chrétá, atá ar na shuidhuighadh a níardndeas agus a níardtuáidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinics a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann–cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 27:12
8 Tagairtí Cros  

Iúdaígh leis agus proseilítigh, Créiteacha agus Arabaigh; d’airigheamáir iad ag labhairt i n-ár dteangthachaibh féin ar oibreachaibh iongantacha Dé.


Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluaiseadar ó Assan agus fan chiumhais trágha Chréta.


Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia chaitheamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé: A fheara, Is mairg nár glacadh mo chómhairle-se agus gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó’n ndíobháil seo agus ó’n gcailleamhaint seo.


Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feach mórán laethanta teacht ach ar aghaibh Chniduis, mar bhí an ghaoth ’ghár gcosg, agus sheólamair i gcómhgar do Chréta, lámh lé Salmóné.


Do sheolamair thar an áit sin, agus ba dheacair é, agus thánamair go dtí áit ar a dtugtí Deaghchuanta, i n-aice le cathair Talassa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí