Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 26:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus do dheineas, i nIerúsalem. Chuireas mórán daoine naomhtha isteach i bpríosúnaibh. Fuaras úghdarás ó uachtaránaibh ná sagart agus nuair a bhídís (na naoimh) le cur chun bháis is mise thugadh an t-órdú liom chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim; ní hamháin gur dhún mé mórán de na naoimh i bpríosún agus údarás agam ó na hardsagairt, ach thug mé mo ghuth ina n‑éadan nuair a bhíothas á gcur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus rinne mé sin i n-Ierusalem, agus dhruid mé mórán de na naoimh i bpríosúin, ar fhagháil ughdaráis damh ó uachtaráin na sagart: agus nuair a cuireadh chun báis iad, thug mise m’aontughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do chuireas mórán naomh fá ghlas i bpríosúnaibh, tar éis ughdarás d’fhágháil ó na h‐árd‐shagartaibh, agus nuair bhídís d’á gcur chum báis, thugas guth ’n‐a n‐aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís dá gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:10
17 Tagairtí Cros  

Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophan agus é ag glaodha ar Dhia, agus: A Thighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé.


Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.


Ach bhí léirsgrios ag Saul ’á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige ’á tharrac amach agus é ’ghá gcur i mbraighdineas.


Agus bhí uathbhás ar a raibh ag éisteacht leis, agus deiridís: Nách é seo an fear a bhí ag déanamh íde i n-Ierúsalem ar an muinntir a ghlaodhadh ar an ainim sin, agus nách é gnó a thug anso é ná chun iad do bhreith leis gabhtha ag triall ar uachtaránaibh na sagart?


Agus tháinig sé go Ierúsalem agus mheas sé dul leis na deisgiobuil, ach bhí eagla acu go léir roimis agus ní chreidfidís gur dheisgiobul é.


Agus do thárla, nuair a bhí Peadar ag tabhairt a chuard sa tímpal ortha, go dtháinig sé chun na naomh a bhí ’n-a gcomhnuíghe i Lidda.


Agus thug sé a lámh di agus chuir sé ’n-a seasamh í. Asus do ghlaoidh sé isteach na naoimh agus na baintreacha agus thug sé suas dóibh í ’n-a beathaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí