Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 24:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus d’órduigh sé an mhuinntir a bhí ag cur ’n-a leith do theacht ad’ láthair-se, agus féadfair féin a dh’fhághail uaidh, ad bhreitheamh, eólus ar na neithibh seo go léir atá againne á chur n-a leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Níl le déanamh agaibh ach an t‑eolas a bhaint as i dtaobh gach uile ní a bhfuilimid á chúiseamh fúthu.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus d’órduigh sé do lucht a chionntuighthe a theacht chugat-sa: Agus tré n-a cheistiughadh béidh tú féin i n-innimh fios d’fhagháil uaidh-sean ar gach nídh acu sin dá gcuirimíd ina leith.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Féadfair, acht ceisteanna do chur air, eolas d’fhágháil ar na neithibh atá againne d’á gcur ’n‐a leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do áithin sé da luchd éilighthe teachd chugadsa: ó na bhféudfa tusa gach éun sgéula dfagháil fá na neithibhse chuirmídne na leith, dá leana tú ar a níarruidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Má cheistíonn tú féin é sin, féadfaidh tú fios fáth na nithe go léir a chuirimid ina leith seo a fháil uaidh.”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 24:8
7 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith.


Ansan do h-innseadh dom go raibh ceilg déanta acu dó aghus chuireas ag triall ortsa é, agus dubhart leó-san pé nídh a bhí acu le cur ’n-a leith, é chur n-a leith ad láthair-se. Slán leat.”


Éistfead leat. ar seisean, nuair a thiocfaidh an mhuinncir atá ag cur ad leith. Agus d’órduigh sé é chur fé chimeád i gcúirt Héróid.


Ach tháinig Lusias, an tribiún, agus neart slógh aige agus bhain sé as ár lámhaibh é.


Ansan d’aontuigh na Iúdaígh mar an gcéadna agus dubhradar go raibh san amhlaidh.


Agus, ar seisean, na daoine ar bhúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n-aonfheacht liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n-a leith í.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí