Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 24:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Sa n-obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa teampull, agus ní le sluagh ná le collóid,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Nuair a bhí mé á dhéanamh sin, tháinig siad orm agus mé íonghlanta sa teampall, gan aon slua ná suaitheadh ann. Ach bhí Giúdaigh as an Aise ann

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus fuair siad glanta san teampall mé, agus mé ag gabháil de na neithe sin, agus gan sluagh liom, ná gleo,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 agus fuaradar mé glanta san teampall gan sluagh, gan toirmeasc:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Ann a bhfúaradar Iúdaighe áirighe don Asía mé ar mo ghlanadh sa teampoll, gan chonghair, gan bhuaidhreadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis mʼíonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 24:18
7 Tagairtí Cros  

Cad ’n-a thaobh duit mise cheistiú? Ceistigh na daoine a bhí ag éisteacht le u-ar labhras leó; féach, is eól dóibh seo cad ’dubhart.


Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Phontuis agus Ásia,


Tóg leat iad san agus glantar thu i n-aonfheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó, go mbheárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne gur b’éitheach ar airíghdar ad thaobh, go bhfuilir féin ag siúbhal ad chosnamhaidhe do’n dlígh.


Agus ní bhfuaradar me ag aighneas le h-aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagógaibh, Ná ar fuid na catharach;


Mar gheall air sin iseadh do rug na Iúdaígh orm nuair bhíos sa teampull agus mheasadar me mharbhú.


Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneach agus na gCurénéach agus na n-Alecsandríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicla agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí