Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 24:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Admhuíghim an méid seo dhuit, ámhthach, i dtaobh ná slíghe seo ar a dtugaid siad eiriceacht, sin mar a dheinimse seirbís do’n Athair agus do m’Dhia, óir creidim gach uile níd atá sgríobhtha sa dlighe agus in sna fáidhibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Ach admhaím an méid seo leat, go mbím ag adhradh an Dé a bhí ag ár sinsir romhainn, de réir na Slí a dtugann siad seict uirthi, agus go gcreidim gach ní atá curtha síos sa dlí nó scríofa i leabhair na bhfáithe,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Acht admhuighim seo duit, go ndéanaim seirbhís do’n Athair agus mo Dhia do réir na h-aicme sin, a ngoireann siad-san éirse dí, ag creidbheáil damh i ngach nídh dá bhfuil scríobhtha san dlighe agus ins na fáidhe:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Acht admhuighim an méid seo dhuit, go ndéanaim seirbhís do Dhia ár sinnsear de réir na Slighe ar a dtugann siad‐san eiriceacht, ag creideamhain do gach nidh atá de réir na dlighe, agus atá scríobhtha ins na fáidhibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siad-san ‘Aicme’, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 24:14
44 Tagairtí Cros  

Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.


Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin.


Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe.


Fé mar a labhair sé tré bhéal na bhfáidh naomhtha atá ann aige ó thusach.


An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.


Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san.


Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.


Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.


Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret.


Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadhnaise, gur i n’ainimsean atá maitheamhnachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreideann ann.


Agus nuair a bhí léighead na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtaráin na sinagóige teachtaireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt theagaisg do’n phobul abraidh í.


Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairisíneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpallghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiachaibh ortha dlígh Mhaoise cimeád.


agus d’eirigh an uair sin achrann nár shuarach i dtaobh slighe an Tighearna.


Ach bhí daoine dúra ann ná creidfeadh, ach bhíodh ag tarcuisniú slighe an Tighearna os cómhair na ndaoine. D’imthigh sé uatha agus do dheighil sé na deisgiobuil uatha, agus bhíod sé ag argóint gach lá i sgoil fir dár bh’ainim Turannos.


Ansan dubhairt sé: Do cheap Dia ár sinnsear thusa roim ré chun go dtuigfá a thoil agus go bhfeicfá an t-Aon Ceart. agus go n-aireóchfá guth a bhéil;


Ansan do chuir Féilics ar cáirde iad, óir do thuig sé go cnuinn i dtaobh na slighe sin agus dubhairt sé: Nuair a thiocfaidh Lusias, an tribiún, anuas éistfead libh.


Fuaramair an fear so, i n’ann-sgian, ag déanamh toismisg ameasg na n-Iúdac go léir ar fuid an domhain agus ’n-a cheann ar an aicme annrianta san, na Nasarénach.


Mar dhein Pól iad do fhreagairt: Ní’l coir déanta agam i n-aghaid dlighe na nIúdach, ná i n-aghaidh an teampuill, ná i n-aghaidh Chaesair.


Ach do chabhruigh congnamh Dé liom agus táim am sheasamh go dtí an lá indiu, ag déanamh fiadhnuise do bheag a’s do mhór, gan aon rud do rád lasmuigh de sna neithibh adubhairt na fáidhe a bhí le teacht agus Maois,


An gcreideann tú na fáidhe, a rí Agrippa? Tá ‘fhios agam go gcreideann tú.


Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas bheatha chaitheas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerúsalem a chaitheas í.


Agus tá breith ’á thabhairt orm anois mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeallamhaint a thug Dia d’ár n-aithreachaibh,


Ach iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h-aicme seo, is eól dúinn go bhfuil-cear ag gabháil ’n-a gcoinnibh ins gach aon bhall.


Ansan do cheapadar lá dhó, agus tháinig a lán acu go dtí an lóisdín chuige, agus do mhínigh sé dhóibh rígheacht Dé agus thug sé fiadhnuise dhóibh air. Agus bhí sé ó’n maidin go dtí an tráthnóna ag cur ’n-a luighe ortha i dtaobh Íosa, a’ dlighe Mhaoise agus as na fáidhibh.


Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a thug glóire d’á Mhac Íosa, an té a dheineabhairse a bhrath agus do shéanad i láthair Phíláit, agus eisean ag tabhairt saorbhreithe air.


Do thógh Dia ár sinnsear ós na mairbh Íosa, an t-é a chuireabhairse chun báis, ghá chrochadh ar an gcrann.


is mise Dia t’atharach Dia Ábrahaim, agus Dia Isáac agus Dia Iácóib. Agus tháinig critheagla ar Mhaois agus níor leómhaigh sé féachaint air.


Agus d’iarr sé air leitreacha thabhairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslígh sin, go dtabharfadh sé leis iad gabhtha go Ierúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí