Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 24:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Ansan d’fhreagair Pól, (óir do bhagair an Gobhernóir chuige labhairt): Ó ’s eól dom go bhfuilir-se ad bhreitheamh ar an náisiún so le fada ’bhliantaibh is móide sin is fonn liom sásamh a thabhairt am thaobh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus nuair a rinne an t‑uachtarán comhartha leis le labhairt, dʼfhreagair Pól: “Tá áthas orm a bheith do mo chosaint féin os do chomhairse atá i do bhreitheamh le tamall fada os cionn an chine seo againne.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Annsin d’fhreagair Pól (nuair a thug an t-uachtarán cómhartha dó labhairt): De bhrígh gurab eol damh tusa a bheith i do bhreitheamh ar an chineadh seo le mórán bliadhan, is ró-fhonnmhar a labharfas mé ar mo shon féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaghlóir ar Phól labhairt, d’fhreagair sé, Ó’s eol dom go bhfuilir‐se id’ bhreitheamh ar an náisiún so le bliadhantaibh fada, tá meisneach orm agus mé ag labhairt ar mo shon féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Achd ar sméideadh do núachdarán air Phól chum labhartha, do fhreaguir sé, As romhóide mfonn fá fhreagra ar mo shon féin, go bhfuil a fhios agum thusa bheith ré mórán do bhlíadhnuibh ad bhreitheamh ar an gcineadhso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, dʼfhreagair sé: “Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 24:10
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh.


Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am’ breitheamh ná am’ rainneadóir os bhúr gcionn?


Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige.


Ach do bhagair sé le n-a láimh ortha éisteacht, agus d’innis sé dhóibh conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubhaint sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna bhráithribh! Agus chuaid sé amach agus d’imthigh sé go h-áit eile.


Ansan d’eirigh Pól agus bhagair sé ciúnas le n-a láimh agus dubhairt sé: A fheara de shliocht Israéil, agus sibhse go bhfuil eagla Dé oraibh éistidh liom!


Ach má’s cúrsaí focal é, agus ainimneacha, agus bhúr ndlighe-se, féachaidh féin chuige: ní h-áil liomsa bheith am breitheamh ar na neithibh sin.


Do tharaigeadar Alecsander amach as an mbrúth. Do shaigh na Iúdaígh amach é. Do bhagair Alecsander a lámh ortha a’ d’iarraid ciúnais chun go míneóchadh sé an sgéal do sna daoine.


Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:


Agus ollmhuighidh eachra iompair ar a gcuirfid siad Pól chun é bhreith slán agh triall ar Fhéilics an gobhernóir.


Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí