Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 20:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Mar is eól daoíbh féin, gurab iad an dá láimh seo sholáthair gach a raibh riachtanach dom féin agus do sna daoine atá am fhochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Tá a dhea-fhios agaibh féin go mbíodh na lámha seo agam ag saothrú le haghaidh mo riachtanas féin agus le haghaidh riachtanas na ndaoine a bhíodh i mo chuideachta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Is eol díbh féin: óir shaothruigh na lámha seo cib é neithe a bhí riachtanach damh féin agus dóbhtha seo atá i m’fhochair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Is eol daoibh féin gurbh iad na lámha so do sholáthruigh d’á raibh ’n‐a riachtanas orm, agus dóibh‐sean do bhí im’ fhochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Is aithne dhíbhsi féin, gur ab íad na lámhasa do sholáthair dhamh gach ní dhá raibh na riáchdanus orum féin, agus ar a raibh am fhochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 20:34
9 Tagairtí Cros  

Agus toisg é bheith ar aon cheárd leó d’fhan sé ’n-a bhfochair ag obair ar an gcéird (agus ag déanamh pailiún ab eadh an a cheard).


Ansan chuir sé beirt d’á lucht frithálmha, Timoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Ásia.


Do cuireadh an chathair go léir tré n-a chéile. Do ritheadar i n-aonfheacht chun an téátair agus greim acu ar Ghaius agus ar Aristarchus, Macedonaigh, comrádaithe do Pól.


Tá gach aon nídh taisbeánta agam daoibh, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóirithint ar na daoine laga, agus cuimhneamh ar bhriathar an Tighearna Íosa mar go ndubhairt sé féin: Is mó an t-aoibhneas go mór rud a bhronnadh ná rud a ghlacadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí