Gníomhartha 20:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Óir do bhí Pól ceapaithe ar sheóladh thar Ephesus i dtreó ná curfí aon ríghneas air sa n-Ásia, mar bhí dithineas air chun, dá mb’ fhéidir dó é, lá na Cíngcíse thabhairt i n-Ierúsalem. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 Mar bhí sé ar intinn ag Pól seoladh ar aghaidh thar an Eiféis, ionas nach mbeadh air aon am a chaitheamh san Áise; mar bhí deifir air, agus é ar a dhicheall, dá mbʼfhéidir é, bheith in Iarúsailéim le haghaidh na Cincíse. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Óir bhí rún ag Pól seoladh thar Ephesus, ar eagla go gcuirtí moill ar bith air san Aisia. Óir bhí sé ag déanamh deifre, chun go gcongbhuigheadh sé lá na Cingcíse, dá mb’fhéidir dó é, i n-Ierusalem. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Óir do bhí socruighthe ag Pól seoladh thar Eiféis, i dtreo nach gcuirfidhe aon mhoill air san Áise; óir bhí deithneas air, chum dá mb’ fhéidir é, bheith i nIarúsalem lá Cingcíse. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia: oír do bhí deithfir air, chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Níarusalém fa Chingcís. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun a bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mbʼfhéidir dó é. Féach an chaibidil |