Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 19:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ansan do chuir Pól a lámha ortha agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha agus do labhradar i dteangthachaibh agus dheineadar targaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus nuair a leag Pól a lámha orthu, tháinig an Spiorad Naomh orthu; agus labhair siad i dteangacha agus rinne siad fáidheadóireacht.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus nuair a chuir Pól a lámha ortha, tháinic an Spiorad Naomh ortha, agus labhair siad le teangacha, agus rinne siad fáidheadóireacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus nuair do chuir Pól a lámha ortha, tháinig an Spiorad Naomh ortha; agus do labhradar as teangthachaibh, agus do‐rinneadar tarngaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus ar gcur a lámh do Phól orrtha, tháinic an Spiorad Náomh orrtha; agus do labhradar lé teangthuibh, agus do rinneadar fáidheadoireachd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus nuair a leag Pól a lámha orthu tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha agus ag déanamh tairngreachta.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 19:6
13 Tagairtí Cros  

Agus leanfaid na cómharthaí seo an mhuintir a chreidfidh: Cuirfid siad deamhain a’ seilbh am’ ainim-se: Labharfaid siad i dteangthachaibh nua.


Agus tímpal dáréag acu a bhí ann ar fad.


agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.


Thugadar na fir sin i láthair na n-Aspol, agus dhein na n-Aspoil úrnuighthe dhchibh agus chuireadar a lámha ortha.


Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí