Gníomhartha 19:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Agus an fear n-a raibh an annsprid mhalluighthe ann do léim sé chúcha agus fuair sé an lám uachtair ar an mbeirt acu agus ghaibh sé ortha i dtreó gur ritheadar as an dtigh sin tárnocht, agus iad geárrtha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 Agus léim an fear, a raibh an deamhan ann, ina mullach, á gcloí uile, agus ag fáil an lámh uachtair orthu, sa chruth gur theith siad as an teach úd agus iad loite lomnocht. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Agus an duine a raibh an deamhan ró-olc ann, léim sé ortha, agus ag fagháil lámh an uachtair dó ortha araon, bhuaidh sé ortha, san chruth gur theich siad, tárnocht agus gointe, amach as an tigh sin. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Agus an fear ’n‐a raibh an droch‐spioraid, do léim sé ortha, agus fuair sé an lámh láidir ar an mbeirt aca, agus do ghabh sé ortha ar an gcuma sin gur theicheadar as an tigh sin lom‐nocht, créachta. Agus fuair gach duine, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Agus do shaith an duine ann a raibh an drochspiorad orrtha, agus ar na gcláoi dhó, do bhúadhuigh sé orrtha, a gcrúth gur theitheadar créuchdach lomnochd as an dtigh sin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha. Féach an chaibidil |