Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 19:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Do lean san mar sin ar feadh dá bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n-Ásia, idir Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Leanadh den obair sin ar feadh dhá bhliain, ar mhodh gur chuala áitreabhaigh na hÁise uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, briathar Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus bhí sin dá dhéanamh ar feadh dhá bhliadhan, san chruth gur chuala gach aoinneach dá raibh ina chómhnaidhe san Aisia, eadar Iúdaigh agus Phágánaigh, briathar an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do lean mar sin ar feadh dhá bhliadhan; i dtreo go gcuala siad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe san Áise briathar an Tighearna, idir Iúdachaibh agus Ghréagachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do bhi so dhá dhéunamh ar feadh dhá bhlíadhan; a gcrúth go gcúaladar a raibh ann sa Náisia uile eidir Iúduidhe agus Ghréugach, bríathar an Tighearna Iósa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 19:10
23 Tagairtí Cros  

Ansan nuair a chonnaic an próchonsul an níd sin do dhein sé iongna de theagasg an Tighearna agus do chrieid sé.


Agus nuair a bhíodar ag gabháil tré chrích Phrigia agus Ghalatia do chosg an Spioraid Naomh iad ar bhriathar Dé do labhairt i n-Asia.


Agus d’fhan sé ansan bliain agus sé mhí ag teagasg bréithir Dé ’n-a measg.


Agus bhíodh sé sa tsinagóig ag pléidh, gach lá sabbóide, ag trácht ar ainim an Tighearna Íosa, agus bhí sé ag tabhairt na nIúdach agus na nGréagach leis.


Sin mar a bhí briathar Dé ag fás go láidir agus ag dul i ndaingineacht.


Ansan chuir sé beirt d’á lucht frithálmha, Timoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Ásia.


Agus bhíodh sé ag dul isteach sa tsinagóig agus ag labhairt ann go dána, ar feadh trí mhí, ag díospóireacht agus ag cur i bhfeidhm i dtaobh rígheachta Dé.


Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómhnuighthe Mhesopotámia, Iúdaéa agus Chapadócia, Phontuis agus Ásia,


Thánadar, agus nuair á bhíodar ’n-a láthair dubhairt sé leó: Is eól daoibhse conus mar atá an aimsir go léir tabhartha agam i nbhúr bhfochair ó’n gcéad lá a thánag isteach sa n-Ásia,


D’á bhrígh sin déinid faire, agus cimeadaidh i nbhúr gcuimhne conus mar nár stadas ar feadh trí mblian, do ló ná d’oidhche, ach ag cómhairliú an uile dhuine agaibh agus deóra le m’shúilibh.


Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneach agus na gCurénéach agus na n-Alecsandríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicla agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí