Gníomhartha 17:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)5 Ansan tháinig éad ar na Iúdaígh agus do bhailíghdar as an sluagh rainnt droch-daoine agus dheineadar achrann agus chuireadar an chathair i gcollóid. Ansan thánadar tímpal ar thigh Iásoin agus bhíodar a d’iarraidh go gcurfi amach chun an phobhuil iad-san. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)5 Ach chuir sin formad ar na Giúdaigh, agus fuair siad cuid de dhíogha agus de dhríodar na ndaoine agus thóg siad raic agus chruinnigh daoscarshlua na cathrach agus thug siad ionsaí ar theach Iasóin, agus é ar intinn acu iad a tharraingt amach agus a chaitheamh chuig an daoscarshlua. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara5 Acht tháinic éad ar na ti-Iúdaigh, agus ag gabháil droch-dhaoine áirithe as an ghramhascar chuca dóibh, thóg siad gleo, agus ghríosuigh siad an chathair: agus ina seasamh thart fá thigh Iasoin dóibh, d’iarr siad iad a thabhairt amach chuig na daoine. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)5 Acht do las éad na nIúdach, agus do chruinnigheadar daoine de dhíogha an phobail, agus do bhailigheadar sluagh, agus do chuireadar an chathair i n‐achrann a chéile; agus d’ionnsuigheadar teach Iásóin, ag iarraidh iad‐san do thabhairt amach chum an phobail. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Achd do ghabh iomthnúdh, na Iúdaidhe nár chreid, agus ag cruinniughadh dhrochdháoine airighe agus chorra-marguidh, do rinneadar cuideachda mhór, agus do bhuáidhreadar an chathuir, agus tangadar a dtimcheall tighe lásoin, ag iarruidh íadsan do thabhairt amach chum an phobuil. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20125 Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt ruifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iasón dʼfhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail Féach an chaibidil |