Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 17:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Ach do lean fir áirithe é agus chreideadar, ar a raibh Díonusios an t-Areopagach, agus bean n-ar bh’ainim di Damaris, agus tuille leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Ach bhí siad ann a cheangail iad féin leis agus a ghlac le creideamh, agus bhí Díonéis— duine a bhí ar Chúirt Chnoc Arés—agus bean darbh ainm Damaris agus daoine eile orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Acht cheangail fir áirithe iad féin leis, agus chreid siad: agus ortha sin bhí Dionais an t-Areopagach, agus bean darbh ainm Damaris, agus tuilleadh ina dhteannta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus do chreid: ortha‐san do bhí Díonusios an t‐Aréopagíteach, agus bean darbh ainm Damaris, agus daoine eile nach iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Achd cuid aca ag céangal ris, do chreideadar: eidir a raibh Dionísius Areopagíta, agus bean dár bhainm Damaris, agus dream eile maille ríu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dinísias Airéapagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 17:34
11 Tagairtí Cros  

Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.


Nuair airigh na geinte an nídh sin bhí áthas ortha agus bhíodar ag tabhairt glóire do bhriathar Dé, agus do chreid an méid acu a bhí roimh-órdhuighthe chun na bheatha síoruidhe.


Ansan do rugadar air agus thósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a dh’fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á thábhairt uait?


Do sheasaimh Pól i lár an areopaguis agus dubhairt sé: A fheara Aténacha, chim sibhse, ins gach slighe, ana-úmhal do dhéithibh.


Ansan d’imthigh Pól uatha amach.


Agus do chreid cuid acu agus ghabhdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintibh a bhi diadha, sluagh ana-mór, agus rainnt nár shuarach de mhnáibh a bhí uasal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí