Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 17:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Ach nuair airíghdar an aiseirighe ó sna mairbh chrom cuid acu ar mhagadh dhéanamh, agus dubhairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaobh an sgéil sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Ansin nuair a chuala siad an focal faoin aiséirí ó mhairbh, dʼéirigh cuid acu magúil; ach dúirt cuid eile, “Éistfimid leat faoi sin am éigin eile.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Agus nuair a chuala siad fá eiséirghe na marbh, rinne cuid acu magadh faoi: acht dubhairt cuid eile: Éistfimíd leat arís fá’n cheist seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Acht nuair do‐chualadar trácht ar aiséirghe na marbh, do bhí cuid aca do‐rinne magadh; acht bhí cuid eile adubhairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a thaobh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Achd an tan do chúáladarsan dó eiséirighe na marbh, do rinneadar cuid díobh fonámhad: achd a dubhradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís dhá tháobh so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Nuair a chuala siad Pól ag trácht ar aiséirí ó mhairbh, thosaigh cuid acu ag magadh faoi. Is é a dúirt cuid eile acu, áfach: “Cloisfimid a thuilleadh faoi seo uait lá éigin eile.”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 17:32
23 Tagairtí Cros  

Agus chromadar go léir i n-aonfheacht ar leathsgéal do ghabháil. Dubhairt an chéad duine, Tá tigh ceannuighthe agam, agus ní mór dhom dul amach ’ghá fheisgint: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil.


Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déanamh magaidh faoi agus ’ghá bhualadh.


Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é.


Agus bhí na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus ag tabhairt fínéigre dhó,


Féachaidh, a lucht an neamhshuime, agus deinidh iongna, agus éagaidh, óir tá obair agamsa d’á oibiriú i nbhúr laethibhse, obair ná creidfidh sibhse, má ínnseann aoinne dhaoibh é.


Agus bhíodh cuid d’ollamhnaibh na n-Epicúrach águs na Stóiceách ag cur air, agus deireádh cuid acu: Cad ’tá ó’n bhfear so n-á bhfuil an chainnt go léir aige? Ansan deireadh tuille acu: Déithe nua atá aige ’á chráobhsgaoile, is dócha; mar bhí sé ag cainnt leó i dtáobh Íosá agus i dtáobh na h-aiseiríghe.


Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun bhreitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.


Ansan d’imthigh Pól uatha amach.


Agus bhí tuille acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san.


Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an mbhreitheamhantas atá le teacht, agus tháinig critheagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a bheid caoi agam cuirfead fios ort.


Ach bhí ceisteana éigin acu ’n-a choinnibh a bhain le pé deismireacht creidimh atá acu féin, agus i dtaobh Íosa éigin a fuair bás agus go raibh Pól ’ghá rádh é bheith bheó.


Cad ’n-a thaobh nách féidir, dar libhse, a chreideamhaint go n-aithbheódhann Dia na mairbh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí