Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 17:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Do sheasaimh Pól i lár an areopaguis agus dubhairt sé: A fheara Aténacha, chim sibhse, ins gach slighe, ana-úmhal do dhéithibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Mar sin sheas Pól amach i gceartlár Chnoc Chúirt Arés gur labhair mar seo a leanas: “A fheara na hAtaena, feicim go bhfuil gach uile chomhartha oraibh a bheith cráifeach in bhur gcleachtadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht sheasuigh Pól i lár an Areopaguis, agus dubhairt: A fheara na h-Aithne, tchím i ngach nídh go bhfuil sibh amhail ró-leagtha ar adhradh dhéithe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus do sheas Pól i lár an Aréopaguis, agus adubhairt sé, A mhuinntear Chathrach na h‐Aithne, do‐chím go bhfuil sibh, ins gach slighe, an‐chráibhtheach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar seasadh do Phól a meadhón Areopágus, a dubhairt sé, A luchd chathair na Haithne, do chim go bhfuiltí go huilidhe ródhithcheallach a níodhaladhradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Sheas Pól i lár an Airéapagas agus labhair mar a leanas: “A mhuintir na hAithine, tugaim faoi deara gur daoine sibh atá diaganta thar na bearta.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 17:22
8 Tagairtí Cros  

Agus an mhuinntir a chuaid le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus thug sé órdú dhóibh le tábhairt do Sílas agus do Thimoteus ’ghá rád leó teacht ag triall air láithreach, agus ghluaiseadar.


An fhaid a bhí Pól i n-Aténé ag feitheamh leó d’eirigh dásácht aigne istigh ann nuair a chonnaic sé an chathair tábhárta suas ar fad d’adhradh ná n-íodhol.


Ansan do rugadar air agus thósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a dh’fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á thábhairt uait?


Ach do lean fir áirithe é agus chreideadar, ar a raibh Díonusios an t-Areopagach, agus bean n-ar bh’ainim di Damaris, agus tuille leo.


Ansan do chuir cléireach na catharach chun suaimhnis an pobal agus dubhairt sé: A fheara Ephesiánacha, cá bhfuil an duine beó ná fuil fhios aige go n-adhrann muinntir na chatharach so Ephesus Diána mhór, inghean lúpiteir?


Ach bhí ceisteana éigin acu ’n-a choinnibh a bhain le pé deismireacht creidimh atá acu féin, agus i dtaobh Íosa éigin a fuair bás agus go raibh Pól ’ghá rádh é bheith bheó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí