Gníomhartha 17:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)19 Ansan do rugadar air agus thósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a dh’fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á thábhairt uait? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)19 Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara19 Agus ghá bhreith leo dóibh, thug siad go dtí an t-Areopagus é, ag rádh: An bhféadamuidh fios d’fhagháil cadh é an teagasc nua seo a mbíonn tú ag labhairt air? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)19 Agus rugadar air, agus do thógadar é go dtí an t‐Aréopagus, g‐á rádh, An bhféadaimíd a fhios d’fhágháil caidé an teagasc nua so atá agat d’á thabhairt? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Agus ar mbreith air, rugadar go Hareopágus é, ag rádh, An bhféudmáoid a fhios dfagháil créd é an teaguisg núadh so, labhrus tusa? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201219 Rug siad air agus sheol chun an Airéapagas é, dá rá: “An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat? Féach an chaibidil |