Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 15:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag au eaglais agus ag na h-Aspuil agus ag na seanóiríbh, agus iad ’gá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Nuair a shroich siad Iarúsailéim, chuir an eaglais agus na haspail agus na cruifreacha fáilte rompu, agus dʼfhoilsigh siad a ndearna Dia maraon leo féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ar theacht go h-Ierusalem dóibh, d’fháiltigh an Eaglais agus na h-Abstail agus na seanóirí rompa, agus d’innis siad-san méid na neithe a rinne Dia tríotha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus ar shroicheadh Iarúsalem dóibh, d’fháiltigh an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gach a ndearna Dia tríotha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus nuair a tháinig siad go hIarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus dʼeachtraigh siad-san dóibh a mhéad a bhí déanta ag Dia tríothu.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 15:4
20 Tagairtí Cros  

An t-é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh me.


Agus dheineadar san. Chuireádar an chabhair chun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.


Agus d’fhanadar aimsir nár ghearr i bhfochair na ndeisgiobul.


Ansan d’fhan na daoine go léir ciúin agus bhíodar ag éisteacht le Pól agus le Barnabas ’ghá innsint cad iad na mírbhúiltí uathbhasacha a bhí déanta ag Dia tríotha féin imeasg na ngeinte.


Cuir Pól agus Barnabas ’na gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do shocaruigheadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaobh eile, do dhul go dtí na h-Aspuil agus na sagairt a bhí i n-Ierúsalem, i dtaobh an sgéil.


Ansan do shocaruigh na h-Aspuil agus na seanóiri agus an eaglais go léir ais go gcurfí go h-Antioch, i n-aonfheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a dtugcí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na mbráithre,


Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’gá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir.


Ansan do tháinig na h-Aspuil agus na seanóirí i gceann a chéile chun an sgéil sin a bhreithniú.


Agus ag gabháil tré sna catharachaibh dóibh thugádar do sna daoine le cimeád na reachta a dí déanta ag na h-Aspuil agus ag na seanóirí a bhí i n-Ierúsalem.


Ansan ba mhian leis dul go h-Acaia agus do sgríbh na bráithre ag triall ar na deisgiobuil ’ghá iarraibh ortha é ghlacad. Agus nuair a tháinig sé thug sé congnamh mór do’n mhuinntir a bhí tar éis creideamhaint.


Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre sinn go fáilteach.


Bheannuigh sé dóibh agus d’innis sé dóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n-a fhrithálamh féin, ameasg na nGeinte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí