Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 15:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Cuir Pól agus Barnabas ’na gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do shocaruigheadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaobh eile, do dhul go dtí na h-Aspuil agus na sagairt a bhí i n-Ierúsalem, i dtaobh an sgéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus ó nár bheag an corraí agus an chonspóid a bhí ag Pól agus ag Barnabas leo, ceapadh Pól agus Barnabas agus daoine leo as an gcuid eile le dul suas go hIarúsailéim chuig na haspail agus na cruifreacha leis an gceist seo a shocrú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus i ndiaidh conspóid nár shuarach a bheith ag Pól agus Barnabas leo, shocruigh siad go rachadh Pól agus Barnabas, agus daoine áirithe de’n taoibh eile, suas go h-Ierusalem chuig na h-Abstail agus na sagairt fá’n cheist seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus tar éis aighnis agus conspóide nár bheag do bhí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruigheadh go rachadh Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem chum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireachd nar bheag do dhéanamh na naghaidh, dorduigheadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile dhíobhsab, do dhul súas go Híarusalem chum na nabsdal agus na sinnsear a dtimcheall na ceasda so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go hIarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 15:2
20 Tagairtí Cros  

Do rugh sé isteach iad ansan i gcóir na h-oidhche. Agus d’eirigh sé amáireach a bhí chúghainn agus ghluais sé i n-aonfheacht leó, agus chuaidh raint de sna bráithnibh ó Ioppé le n-a chois.


Agus dubhairt an Spioraid Naomh liom dul leó gan cheist orm. Agus chuaid an seisear bráthar so le m’chois, agus chuamair isteach i dtigh an fhir.


Agus dheineadar san. Chuireádar an chabhair chun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.


Do thánamair i bhfochair a chéile agus do socaruígheamair ar fhearaibh do thogha agus do chur chúghaibh i n-aonfheacht le n-ár gcáirdibh ionmhuine Barnabas agus Pól,


Tá curtha uainn againn, d’á bhrígh sin, Iúdás agus Sílas agus neosfaid siad san daoibh ó bhéal, na neithe céadna.


Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag au eaglais agus ag na h-Aspuil agus ag na seanóiríbh, agus iad ’gá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha.


Agus ag gabháil tré sna catharachaibh dóibh thugádar do sna daoine le cimeád na reachta a dí déanta ag na h-Aspuil agus ag na seanóirí a bhí i n-Ierúsalem.


Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinnighthe ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí