Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 15:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaéa agus bhíodar ag teagasg na mbráithre: Mura ndéanfar tímpallghearradh oraibh (ar siad) do réir dlíghe Mhaoise ní féidir bhúr slánú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ach tháinig daoine áirithe as Iúdaea a chuir an teagasc seo roimh na bráithre, “mura nglacann sibh le nós an timpeallghearrtha a bhíodh ag Maois, ní fhéadann an slánú síoraí a bheith agaibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus ar theacht anuas ó Iudaia do dhaoine áirithe, bhíodh siad ag teagasc na mbráithreach: Muna ndéantar sibh a thimcheallghearradh do réir ghnás Maoise, ní féidir bhur slánughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaea, agus do bhíodar ag teagasc na mbráithreach, g‐á rádh, Muna dtimcheall‐ghearrthar sibh de réir reachta Mhaoise, ní féidir bhúr slánú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar dteachd do dhruing áirighe a núas ó thír Iudaighe do theaguisgeadar na bráithre, ag radh, Muna dtimcheallghearrthar sibh do réir reachda Mháoisi, ní héidir bhur slánughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 15:1
25 Tagairtí Cros  

Uime sin thug Maois an tímpal-ghearradh daoibh (ní gur ó Mhaois é, ach ó sna h-aithreachaibh), agus deineann sibh tímpal-ghearradh ar dhuine sa tsabbóid.


Ins na laethibh sin d’éirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruinnighthe ann):


Ansan do shocaruigh na h-Aspuil agus na seanóiri agus an eaglais go léir ais go gcurfí go h-Antioch, i n-aonfheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a dtugcí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na mbráithre,


Agus go gcurfi an sgríbhinn seo ar a lámhaibh: “Ó sna h-Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráithre, chun na mbráthar ngeinteach atá i n-Antioch agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh.


Toisg gur airígheamair go ndeaghaidh daoine amach uainne agus gur chuireadar buaireamh oraibhse, ag suathadh bhur n-aigne le neithibh nár órduigheamairne,


Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’gá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir.


Ach fáidhí ab eadh Iúdás agus Sílas féin agus deineadar mórán cainnte leis na bráithribh agus thugadar mórán sólás dóibh agus mórán misnigh.


Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairisíneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpallghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiachaibh ortha dlígh Mhaoise cimeád.


Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe.


Óir d’airighmair é ’ghá rádh so: Déanfaidh Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfidh sé atharú ar na nósa a thug Maois dúinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí