Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 14:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ach d’fhanadar mórán aimsire ann ag obair, agus a mainghín as an dTighearna, agus é ag déanamh fiadhnaise ar bhriathar a ghrásta, ag cur mírbhúiltí uathbhásacha d’á ndéanamh le n-a lámhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Dʼfhan siad mar sin tamall fada, ag labhairt go neamhbhalbh ar son an Tiarna, agus é ag tabhairt fianaise ar bhriathar a ghrásta, agus é ag deonú go ndéantaí comharthaí agus iontais lena lámha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Ar an adhbhar sin, d’fhan siad tamall fada ann, ag labhairt go misneamhail san Tighearna, a rinne fiadhnaise do bhriathar a ghrásta, tré thabhairt mhíorbhailte agus iongantaisí a dhéanamh le n-a lámha-san.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Acht d’fhanadar tamall fada annsin ag labhairt go dána i muinighin an Tighearna, thug fiadhnaise do bhriathar a ghrása, agus míorbhailtí agus iongantais d’á ndéanamh d’á dheoin tré n‐a lámhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uime sin dfanadar aimsear fhada ag labhairt go dána sa Tighearna, noch do rinne fíadhnuise do bhréithir a ghrás féin, agus tug fá deara comharthadha agus miorbhuileadha do dhéumamh tré na lamhaibhsión.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 14:3
17 Tagairtí Cros  

Agus do ghluaiseadar-san agus do chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh ’ghá leanmhaint.


Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a d’fheisgint ní chreideann sibh.


Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt an dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nác fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha shioruidhe dh’fhághail, táimídne, féac, ag iompáil chun na ngeinte.


A fheara Israéil, éistidh leis na bhréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin,


Ach ní h-eagal liom aon nídh dhíobh san ná ní mheasaim gur mó is fiú mo bheatha ’ná me féin, ach go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir, a fuaras ó’n dtighearna Íosa, fiadhnuise dhéanamh ar shoisgéal ghrásta Dé.


Agus anois tugaim suas do Dhia sibh agus do bhriathar a ghrásta, ó’s ar a chumas atá an obair do chríochnú agus an oighreacht a thabhairt daoibh ameasg na naomh go léir.


Agus nuair a bhí an ghuídhe déanta acu do chrith an áit ’na rabhdar cruinnighthe agus do líonadh leis an Spioraid Naomh iad go léir agus do labhradar briathar Dé le seasamhacht aigne.


Agus is fínnithe sinne ar na focalaibh sin, agus an Spioraid Naomh, a thug Dia do sna daoine atá úmhal dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí