Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 14:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas agus Mercurí ar Pól mar is aige bhí buadh cainnte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus thug siad Iupiter ar Bharnabas, acht Mearcair ar Pól: de bhrígh gurbh eisean a ba mhó cainnt.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair do chonnaic na sluaighte a raibh déanta ag Pól, do ghlaodhadar i n‐árd a ngotha as cainnt Licaónia, g‐á rádh, Atá na déithe tagtha anuas chugainn i riocht daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, dʼardaigh siad a nglór, dá rá i dteanga na Liocáóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 14:11
6 Tagairtí Cros  

Agus deireadh na daoine, ’ghá mholadh: Ni guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin.


Agus bhí sagart le Iúpiter lasmuich de’n chathair agus thug sé leis tairbh agus coróinneacha, ar aghaidh an gheata, chun go ndéanfadh sé féin agus na daoine ídhbirt.


Agus thuigeadar (an nídh sin) agus do theitheadar go Listra agus go Derbé, dhá chathair i Licaónia, agus go dtí an tír go léir mór-thímpall, agus bhíodar ag craobhsgaoile an tSoisgóil sa n-áit sin.


Ach mheasadar go dtusnóchadh sé ar at agus go dtuitfeadh sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach nuair a chonnacadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air d’atharuíghdar a n-aigne agus dubhradar gur dhia éigin é.


Agus thugadh na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór-chómhacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí