Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 14:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do thuit amach i n-Icónium go ndeaghadar isteach i n-aonfheacht i sinagóig na nIúdach agus gur dheineadar cainnt, i dtreó gur chreid sluagh líonmhar de sna Iúdaígh agus de sna Griéagaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 In Icónium dóibh ansin chuaigh an bheirt acu isteach i sionagóg na nGiúdach agus thug a chaint ar shlua mór de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh araon teacht chun creidimh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus thárla i n-Icónium go ndeáchaidh siad isteach i n-aoin-fheacht i sineagóig na n-Iúdach, agus gur labhair siad, san chruth gur chreid sluagh mór de na h-Iúdaigh agus de na Gréagaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus thárla i nIcónium go ndeachadar araon isteach i sionagóig na nIúdach, agus gur labhradar ar chuma gur chreid sluagh mór de na h‐Iúdachaibh agus de na Gréagachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla a Nicónium, go ndeachadar aráon a náoinfheachd go sionagóig na Níudaigheadh, agus gur labhradar, ar ghléus gur chreideadar buidhean mhór do na Iúdaighibh agus fos do na Gréugachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tharla an rud céanna in Iocóiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 14:1
33 Tagairtí Cros  

Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do reir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an deamhan do dhíbirt as a h-inghin.


Bhí, ámh, geinteacha áirithe ar na daoine a tháinig go Ierúsalem chun Dia d’adhradh lá na féile.


Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin: Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg?


Agus bhí lámh Dé leó agus do h-iompuigheadh cuid mhór daoine chun creidimh an Tighearna.


Agus nuair a dísgaoileadh an tsinagóg, do lean a lán de sna Iúdaígh, agus de sna daoine iasachta bhí diadha, Pól agus Barnabas, agus do chabhruigheadar-san leó agus chómhairligheadar dóibh leanmhaint i ngnásta Dé.


Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt an dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nác fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha shioruidhe dh’fhághail, táimídne, féac, ag iompáil chun na ngeinte.


Agus nuair a thánadar go Salamis bhíodar ag craobhsgoile bréithir Dé i sinagógaibh na n-Iúdach. Agus bhí Eóin acu sa tseirbhís, leis.


Agus dheineadar-san ceó a gcos do chrothadh ’n-a gcoinnibh agus thánadar go h-Icónium.


Ach bhí na deisgiobuil ’n-a thímpall agus d’eirigh sé agus tháinig sé isteach sa chathair, agus amáireach a bhí chughainn d’imthigh sé féin agus Barnabas so Derbhé.


Ach na Iúdaígh a bhí díchreideamhach, do ghríosadar agus do shéideadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh na mbráithre.


Ag neartú aigne na ndeisgiobul agus ’á gcómhairiú chun bheith seasamhach sa chreideamh, mar gur le mórán a dh’fhulag nach fuláir dúinn dul isteach i rígheacht Dé.


Agus thainig sé go dtí Derbé agus go dti Listra. agus féach, bhí sa n-áit sin deisgiobul dár bh’ ainim Tímoteus, mac do mhnaoi Iúdach n-a raibh an creideamh aici, agus d’athair gheinteach.


Thug na bráithre a bhí i Listra agus i n-Icónium teistiméireacht mhaith ar an bhfear san.


Agus do chreid a lán acu, agus de sna mnáibh geinteacha a bhí uasal, agus cuid nár bheag de sna feáraibh.


Bhíodh sé, dá bhrígh sin, ag díospóireácht sa tsinagóig leis na Iúdaígh agus leis na daoine a bhí diadha, agus i n-áit an mhárgaidh gach aon lá, leis na daoine a bhíodh ann.


Agus do chreid cuid acu agus ghabhdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintibh a bhi diadha, sluagh ana-mór, agus rainnt nár shuarach de mhnáibh a bhí uasal.


Agus bhíodh sé sa tsinagóig ag pléidh, gach lá sabbóide, ag trácht ar ainim an Tighearna Íosa, agus bhí sé ag tabhairt na nIúdach agus na nGréagach leis.


Agus do chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna, agus a theaghlach go léir, agus do chreid mórán de sna Coirintigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh iad.


Do lean san mar sin ar feadh dá bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n-Ásia, idir Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna.


Do h-innseadh an méid sin d’a raibh d’Iúdachaibh agus de Gheintibh i n-Ephesus agus tháinig sgannra ortha go léir, agus do móradh ainim an Tighearna Íosa.


Agus bhíodh sé ag dul isteach sa tsinagóig agus ag labhairt ann go dána, ar feadh trí mhí, ag díospóireacht agus ag cur i bhfeidhm i dtaobh rígheachta Dé.


Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n-aghaidh an lae, ag méadú na bhuidhne a bhí le sábháil.


agus me ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n-ár dTighearna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.


Congnamh! a fheara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gach aon bhall i gcomnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh na dlighe agus i gcoinnibh na h-áite seo. Thug sé daoine geinteacha isteach sa teampull agus do sháruigh sé an áit bheannuighthe seo.


Agus láithreach, ins na sinagógaibh, bhí sé ag seanmóin i dtaobh Íosa, gur b’ é Mac Dé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí