Eoin 21:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)3 Agus dubhairt Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireacht. Dubhradar leis: Raghaimíd-ne leat. Agus d’imthigheadar agus chuadar ar bórd luinge; agus i gcaitheamh na h-oidhche sin níor rugadar as aon iasg. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Dúirt Síomón Peadar leo, “Táim ag dul a iascaireacht.” Dúirt siadsan, “Rachaimidne leat freisin.” Dʼimigh siad mar sin agus chuaigh siad ar an mbád; ach níor mharaigh siad iasc ar bith an oíche úd. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara3 Deir Síomon Peadar leo: Tá mise ag dul a iascaireacht. Deir siad-san leis: Támuid-ne fosta ag dul leat. Agus d’imthigh siad, agus chuaidh siad isteach san luing: agus an oidhche sin níor ghabh siad dadamh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Adubhairt Peadar leo, Atáim‐se ag dul ag iascaireact. Adubhradar‐san leis, Rachaimíd i n‐éinfheacht leat. D’imthigheadar, agus chuadar isteach san mbád: agus níor ghabhadar éinnidh an oidhche sin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 A dubhairt Síomón Peadar ríu, Atáim ag dul diasgaireachd, A dubhradarsan rís, Rachmáoidne leach mar an gcéudna. Do imthigheadar rompá, agus do chúadar ar a mball a luing; agus níor ghabhadar ní ar bith a noidhche sin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20123 Dúirt Síomón Peadar leo: “Táim-se ag dul ag iascach.” “Rachaimidne leat,” ar siad. Dʼimigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac. Féach an chaibidil |