Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 20:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus an ciarsúir a bhí ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus an t-éadach a bhí ar a chionn, gan é leagtha i dteannta na línéadach, acht cuachta i n-aon áit amháin leis féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus an naipcín, do bhí ar a cheann, acht é fillte i n‐áit eile ar leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an náipcin, do bhí uimá cheann, ní bhfochair an línéadaigh, achd air leith ar na fhilleadh air a chéile a náon áit amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 agus an brat a bhí ar a cheann–ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 20:7
4 Tagairtí Cros  

Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam.


Agus tháinig amach láithreach an t-é a bhí marbh, agus na ceangail bháis ar a lámhaibh agus ar a chosaibh, agus an t-éadach ar a cheannachaibh. Dubhairt Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear chun siu bhail é.


Agus do thógadar corp Íosa, agus do cheangaladar é le línéadach agus leis na spíosraíbh, fé mar is gnáth leis na Iúdaigh adhlacadh dhéanamh.


Ansan do tháinig Símón Peadar ’n-a dhiaidh, agus chuaidh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé an línéadach leagaithe ann,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí