Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 18:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Nuair a bhí an chaint sin ráidhte ag Íosa chuaidh sé amach, mar aon le n-a dheisgiobuil thar sruth Chedrón, mar a raibh gáirdín, agus chuaidh sé féin agus a dheisgiobuil isteach sa gháirdín:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dúirt Íosa an chaint sin, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail anonn thar ghleann abhainn an Chedrón, go háit a raibh gairdín, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail isteach sa ghairdín sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Nuair a bhí na neithe sin ráidhte ag Íosa, chuaidh sé amach le n-a dheisciobail thar sruthán na Cedróine, mar a raibh garrdhadh, ina ndeachaidh sé féin agus a dheisciobail isteach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Nuair do bhí na briathra sin ráidhte ag Íosa, do chuaidh sé amach mar aon le n‐a dheisceablaibh thar sruth Chedron, mar a raibh garrdha, agus do chuaidh sé féin isteach ann i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An tan a dubhairt Iósa na neithesi, do chuáidh sé féin maille ré na dheiscioblaibh tar sruth Chédron, mar a raibh garrdha, an a ndeachuidh seision, agus a dheisciobail.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chiodrón. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 18:1
25 Tagairtí Cros  

Agus tar éis himna do rádh dhóibh, chuadar amach go cnoc Olibhet.


Ansan do tháinig Íosa agus iad fein chun an bhaile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe dhéanamh.


Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go Cnoc na n-Ola-chrann.


Agus thánadar chun na h-áite ar a dtugtar Getsémané, agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh anso go ndeinead úrnuighthe.


Eirighidh, téanaídh; féach, tá i bhfogus dúinn an fear a bhrathfaidh mé.


Ach ionus go n-aithneóchadh an domhan go bhfuil grádh agam do’n Athair; agus do réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.


Ansan dubhairt duine de sheirbhísigh an árdshagairt, gaol do’n fear gur bhain Peadar an chluas de: Ná feaca-sa thu sa gháirdín i n’fhochair?


Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangalóchaid na Iúdaígh é i n-Ierúsalem, agus tabharfaid siad i lámhaibh na nGeinte é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí