Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Nihimiá 2:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Annsin a dubhairt an rígh riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruidh? mar sin do ghuidh misi chum Dé neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 “Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:4
15 Tagairtí Cros  

¶ Agus dinnis duine do Dháibhi, dha rádh, Atá Achitophel a measg na ndróichthionnsgantach a bhfochair Absolon. Agus a dubhairt Dáibhi, O a THIGHEARNA, guidhim thú, iompóigh comhairle Achitophel a namadánachd.


¶ A Ngibeon do taibhreadh an TIGHEARNA a naisling do Sholamh annsa noidhche: agus a dubhairt Día, Iarr cred bhéaras mé dhuit.


O a THIGHEARNA, guidhim thú, bíodh do chlúas a nois aireach do ghuidhe do sherohisigh, agus do ghuidhe do sherbhíseach ar a bhfuil fonn eagla hanma do bheith orra: agus soirbhigh dot sherbhiseach a niugh, iarruim dathchuinghe ort, agus déonuidh trócaire dhó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an rígh.


Agus tárla, an tan do chúala misi na bríathraso, gur shuigh mé síos, agus gur ghuil mé, agus go ndéarna me doilghios laéthe áirigh, agus gur throisg mé, agus gur ghuidh mé a bhfiadhnuise Dé neimhe,


¶ Agus a dubhairt mé, larruim dathchuinge ort, a THIGHEARNA Día neimhe, an Día mór úathbhásach, choimheadus cunnradh agus trócaire don mhéid ghrádhuighéas é, agus choimhéadas a aitheanta:


Annsin do fhreagair misi íad, agus a dubhairt mé ríu, Cuirfe Día neimhe, air ar naghaidh sinn; uimesin sinne a sherbhísigh éireochum, agus do dhéanam obair: acht ní bhfuil roinn, nó ceart, nó chimhniughadh aguibhsi ann Ierusalem.


Agus a dubhairt mé ris an rígh, Más toil ris an rígh, agus má fuair do sherbhíseach fabhar ad radharc, go madh toil leachd misi do chur go Iúdah, go cathruigh adhlaicte maithreadh, iondus go ccuirte mé súas í.


Annsin a dubhairt an rígh ría, Cred is áil leachd, a bhaínríoghan Ester? agus cred é híarratus? do bhéarthar dhuit é go leath na rioghachta.


¶ Agus a dubhairt an rígh re Hester ag fleidh an nfíona, Cred í hathchuinge? agus do gheabha tú í: agus cred é híarratus? eadhon go nuige leath na rioghachta coimhlíonfuighthear é.


Agus a dubhairt an rígh a rís re Hester air an dara lá ag fleídh a nfíona, Cred é híarratus, a bhainríoghan Ester? agus do bhéarthar duit é: agus cred é hathchuinghe? agus coimhlíonfuigheor í, da madh go leath na ríoghachta.


Moluidh Día nimhe: óir mairigh a thrócaire choidhche.


Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.


Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Créud is mían leachd misi do dhéunamh dhuit? Achd a dubhairt an dall ris, A mhaighisdir, mo radharc aiseag dhamh.


Agus ar mbreith ar láimh a nógánaigh don núachdarán, rug sé leis a leathtáoibh é, agus dfíafruigh sé dhe, Créud atá agad ré a innisin damhsa?


Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí