Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 13:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do chruinnigheadar slúaighte móra chuige, ionnas ar ndul a sdeach a luing, gor shuidh sé; agus do sheas an slúagh uile ar an dtráigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Chruinnigh sluaite móra ina thimpeall, ar chaoi go ndeachaigh sé ar bord báid go raibh ina shuí ansin, agus an slua uile ina seasamh ar an trá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus chruinnigh sluaighte móra chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach san bhád, agus ghur shuidh ann: agus sheasuigh an sluagh uilig ar an tráigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do chruinnigh na sluaighte móra chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé innti; agus do bhí an sluagh go léir ’n‐a seasamh ar an dtráigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:2
6 Tagairtí Cros  

Ní dheileochuidh an tslat rogha ré Iudah, nó dlighthabhairthoir ó bheith eidir a chosuibh, nó go ttiucfa Síloh; agus is chuigesion bhías cruinniughadh na ndaóine.


Agus do chúadar slúaighte móra chuige, agá rábhadar bacuigh, doill, balbháin, dáoine ciorthuimeacha, agus móran eile, agus do thellgeadar fá chosaibh Iósa íad; agus do shlánaigh sé íad:


Agus do lean cuideachda mhór é ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táobh thall do Iórdán.


Agus do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh láimh ris an bhfairge: agus do chruinnigh slúagh mór chuige, ionnas go ndeachuidh sé a sdeach a luing, agus gur shuidh sé ar an bhfhairge; agus do bhí an slúagh uile ar tír a naice na fairge.


Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí