Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 1:12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus tar éis bruide na Babilóne, do ghein Iechonias Salatiel; agus do ghein Salatiel Sorobabel

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus tar éis bhroid na Babalóine: ghin Ieconía Séaltíál, agus ghin Séaltíál Serobabel,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus i ndiaidh na h-imirce chun na Baibileoine ghein Lechonías Salatiel. Agus ghein Salatiel Sorobabel.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus tar éis broide Baibiolóine do ghein Iechonias Salatiél; agus do ghein Salatiél Sorobábel;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iacóinia Séailtiéil; ghin Séailtiéil Zarabáibil;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:12
20 Tagairtí Cros  

Agus do rug sé Ierusalem uile leis, agus na prionnsadha uile, agus an nuile dhuine árrachda a ngaisgidh, eadhon deich míle bráighe, agus an luchd ceirde uile agus na gaibhne: níor fhan duine, achd an luchd budh boichde do dháoine na tíre.


¶ Agus tárla an seachdmhadh bliadhuin déug ar fhithchid do phríosunachd Iehoiachin rígh Iúdah, annsa dara mí déug, ar an seachdmhadh lá fithchiod don mhí, gur thóg Ebhilmerodach rígh na Babilóine annsa bhlíadhuin ar thosuigh a ríghe ceann Iehoiachin righ Iudah súas as príosún;


¶ Agus mic Ieconiah: Assir, Salatiel a mhac sin,


Annsin déirigh Iessua mhac Iosadac, agus a dhearbhráithre na sagairt, agus Serubbabel mhac Sealtiel, agus a dhearbhráithre, agus do chuireadar súas altóir De Israel, dofráil íodneartha loisg uirre, mar atá scríobhtha a ndligheadh Mhaoise óglaich Dé.


Ann sin déirigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac súas, agus do thionnscnadar tigh Dé do chur súas noch atá ann Ierusalem: agus fáighe Dé maille ríu ag congnamh dhóibh.


Anois is íadso na sagairt agus na Lebhítigh do chuáidh súas le Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua: Seraiah, Ieremiah, Esra,


Fa mar mhairim, a deir an TIGHEARNA, gidh go mbíadh Coniah mhac Iehoiacim rígh Iúdah na shignéd ar mo dheasláimh, thairis sin do thairreongainn as sin thú;


An é an fearso Coniah an tiodhal briste tarcuisneach? an soitheach gan dúil ar bith ann é? cred as ar teilgeadh amach íad, é féin agus a shliocht, agus ar teilgeadh íad don tír nach aithnid dóibh?


Is marso a deir an TIGHEARNA, Scríobhuidhsi an fearso gan chlainn, duine nach béara biseach iona láethibh: óir ní budh deighbhisigh aoinneach dá shlíochd, ag suighe air chathaóir Dháibhi, agus ag ríaghlughadh ní as mó ann Iúdah.


Noch rug Nebuchadnessar rígh na Babilóine leis, a nuáir rug sé Ieconiah mhac Iehoiacim rígh Iúdah a láimh leis ó Ierusalem don Bhabilóin, agus uáisle Iúdah agus Ierusalem;


Annsa dara blíadhain do Dhárius an rígh, annsa seiseadh mhí, annsa chéad lá don mhí, tháinic bríathar an TIGHEARNA le Haggai an fáigh go Serubbabel mhac Sealtiel, úachdarán Iúdah, agus go Iosua mhac Iosedech, an tárdshagart, ag rádh,


¶ Annsin dúmhluigh Serubbabel mac Seáltiel, agus Iosiah mhac Iosedech, an tárdshagart, maille re huile íarsma an phobail do ghúth an TIGHEARNA a Ndía, agus do bhríathraibh Haggai an fáigh, (mar do chuir an TIGHEARNA a Ndía úadh é,) agus do bhí eagla air an bpobal roimhe an TTIGHEARNA.


¶ Agus do chorruigh an TIGHEARNA súas spiorad Sherubbabel mhic Seáltiel, úachtarán Iúdah, agus spiorad Iosuah mhic Iosedech, an tárdsagart, agus spiorad íarsma an phobail uile; agus thangadar agus doibrigheadar a ttigh THIGHEARNA na slógh, a Ndía,


Labhair anois re Serubbabel mac Seáltiel, úachdaran Iúdah, agus re Iosuah mhac Iosedech, an tárdsagart, agus ris an ccuid oile don phobal, ag rádh,


Annsa ló sin, a deir TIGHEARNA na slógh, glacfa mé thusa, á Sherubbabel, mo shearbhf hoghantuigh, mac Seáltiel, a deir an TIGHEARNA, agus do dhéana mé thú mar chomhartha: óir do thogh mé thú, a deir TIGHEARNA na slógh.


Agus do ghein Iosías Iechonías agus a dhearbhráithre, ag bruid na Babilóine.


Agus do ghein Sorobabel Abiúd, agus do ghein Abiúd Eliachim; agus do ghein Eliáchim Asor;


Uime sin a nuile gheinealach ó Abraham go Dáibhi is ceithre gheinealach dég iad; agus ó Dháibhi go bruid na Babilóne ceithre glúine dég; agus ó bhruide na Babilóne go Chríosd ceithre glúine dég.


Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí