Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 4:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 i rith daichead lá san fhásach, agus an diabhal ag cur cathuithe air. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta úd; agus is air a bhí an t‑ocras nuair a críochnaíodh iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Ar feadh dhá fhichid lá, agus chuir an diabhal cathughadh air. Agus níor ith sé dadamh ins na laethe sin, agus nuair a bhí siad caithte, bhí ocras air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 ar feadh dá fhicid lá, agus an diabhal ag cur cathuighthe air. Agus níor ith sé éinnidh i n‐imtheacht na laetheanta sin, agus nuair do bhí deireadh leo, do bhí ocras air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 go ceann daichead lá, dá phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:2
16 Tagairtí Cros  

Agus cuirfe misi námhadus eadrad agus an bhean, agus eidir do shíol agus a síolsa; brúighfidh sé do cheannsa, agus brúighfidh tusa a shálsan.


Agus déirigh seision, agus a duáigh sé agus do ibh sé ní, agus do chuáidh a neart an bhídh sin ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche go Hóreb slíabh Dé.


Imthigh, cruinnigh a bhfochair a chéile a bhfuil do Iuduighibh a lathair a Súsan, agus troiscidh ar mo shonsa, agus ná hithigh agus ná hibhidh a ttrí lá, doidhche ná ló: troisgfe misi agus mo mhaighdiona mar an gcéadna; agus marsin rachuidh mé a steach chum an rígh, bíodh nach do reír an dlighe: agus má bhásuighthear me, básuighthear me.


Agus do chuaidh Maóise a lár an néill, agas ráinic sé súas ar a tslíabh: agus do bhí Maóise ar a tslíabh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche.


Agus do bhí sé ann sin a bhfochair an TIGHEARNA cheathrachad lá agus ceathrachad oidhche; nior ith sé arán, agus niór ibh sé uisce. Agus do sgriobh ar na cláruibh focail an chunnartha, na deich naitheanta.


Agus thug fa deara a fhuagra agus fhoillsiughadh air feadh Ninebheh maille re hórdughadh an rígh agus a úasal, ag rádh, Duine nó beathach, airghe nó tréad, ná blaisedís éainní: ná hinghiltedís, agus ná hibhedís uisge:


Agus ag filleadh dhó chum na cathrach ar maidin, do ghabh ocarus é.


Agus an tan do throisg sé dá fhíchiot lá agus dá fhichiot oidhche, do ghabh ocras é na dhíaigh sin.


Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán.


Agus do bhí tobar Iácob ann sin. Ar a nadhbharsin, ar mbeith curtha Díosa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar an tobar: agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.


Agus do thuit mé síos ós coinne an TIGHEARNA, mar an gcéud úair, ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche: níor ith mé arán, agus ní mó dibh mé uisge, ar son na nuile pheacadh do pheacuigheabhairsi, ag déanamh cionnta a radharc an TIGHEARNA, do chur feirge air.


Marso do thuit mé síos a bhfíadhnuisi an TIGHEARNA ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche, mar do thuit mé síos an chéad úair; do chionn go ndubhairt an TIGHEARNA go millfeadh sé síbh.


A nuáir do chúaidh misi súas annsa tslíabh do ghlacadh na cclár ccloichthe, cláir an chunnartha noch do rinne an TIGHEARNA ribhsi, annsin do rinne me comhnuighe ann sa tsliabh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche, níor ith mé arán agus ní mó do ibh mé uisge:


Oír do bhrígh air fhúlaing sé an tan do chuireadh cáthughadh air, is féidir leis cabhair do thábhairt don druing ar a gcurthar cáthughadh.


Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.


Agus do thigeadh an Philistineach a ngar maidin agus tráthnóna, agus do thaisbeanadh é féin ar feadh cheathrachad lá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí