Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 1:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 mar ba dhual do shagart, thit sé ar a chrann dul isteach le túis a dhó i dteampall Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Gur thuit sé ar a chrann, do réir nós na sagartachta, túis d’ofráil, ar dhul isteach i dteampall an Tighearna dó;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 de réir gnáta a ranna, gur thuit sé de chrann air, de réir nóis na sagart, dul isteach i sanctóir an Tighearna agus an túis do dhóghadh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Gur bh’air a thuit an crann, do réir nóis na sagart, agus go ndeaghaidh sé isteach i dteampul an Tighearna chun na túise do dhóghadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:9
10 Tagairtí Cros  

Mic Amram; Aáron agus Maóise: agus do dealuigheadh Aáron, do bheannughadh na neithionn ro náomhtha, é fein agus a mhic go bráth, do losgadh túise as coinne an TIGHEARNA, do fhritheolamh dhó, agus do bheannughadh iona ainm go bráth.


¶ Acht dofráil Aáron agus a mhic air altoír na hofrála loisge, agus air altóir na túise, táobh amuigh do gach uile obair na háite ronaomhtha, agus sin do dhéanamh síothchána Dísrael, réir a nuile ní dar fhúagair Máoise serbhíseach Dé.


¶ Acht a núair do bhí sé láidir, do bhí a chroidhe ar na thógbháil súas chum a mhillte féin: óir do pheacuidh sé a naghaidh an TIGHEARNA a Dhía féin, agus do chúaidh a steach a tteampall an TIGHEARNA do losgadh túise ar altoír na túise.


A chlann, ná bíthí anois mainneachtnach: óir do thogh an TIGHEARNA sibh do sheasamh dhá lathair, do dhéanamh serbhíse dhó, agus go ndéanadh sibh miniostrálachd dhó, agus go loisgeadh sibh túis.


Chum a mbeith na ccuimhne do chloinn Israel, iondus nach dtiocfadh éanchóimhidheach, nach do shíol Aáron, dofráil túise a lathair an TIGHEARNA; chor nach mbiáidh sé mar Chórah, agus mar a chuideachduin: mar do ráidh an TIGHEARNA ris le láimh Mháoise.


Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.


Agus ar mbeith do na neithibhse órduighthe mar so, do théighedís na sagairt do ghnáth a steach don chéud thabernácail, do choimhlíonadh sheirbhíse Dé.


Agus ar thogh mé é as treabhuibh Israel uile, do bheith na shagart agum, díodhbairt ar maltóir, do losgadh túise, diomchar ephod am fhiadhnuisi? agus a ttug me do thigh hathar a nuile íodhbairt do dhéantaoi le teinidh ó chloinn Israel?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí