Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Zafainiá 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 A mhairg do lucht áitrighthe chósta na fairge, cíneadh na Cheretíteach! atá focal an TIGHEARNA bhur naghaidh; a Chanaan, a dhúthaigh na Bhphilistinéach, scriosfa mé thusa go dearbhtha, iondus nach biáidh áitreabhthach ar bith ionnad.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 2:5
14 Tagairtí Cros  

Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.


Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.


Conas is féidir dó a bheith suaimhneach ó thug an Tiarna ordú dó? In éadan Aiscileon agus bord na farraige, is chucusan a d'ordaigh sé é.”


dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta.


Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:


Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael:


Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir; mar díothófar an lucht trádála go léir agus scuabfar chun siúil lucht meáite uile an airgid.


“Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.


Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach;


Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím


cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.


Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí